From Wikipedia, the free encyclopedia
Ar Lá Caille 2024, bhuail crith talún cósta thiar na Seapáine, Crith talún Noto, agus fuair cúpla céad duine bás. Sa chathair Ishikawa a bhí eipealár an chreatha talún agus dá bharr scaoileadh comhartha rabhaidh go mb'fhéidir go dtarlódh súnámaí. Rinneadh aslonnú ar na daoine as an gceantar agus chlis ar an gcumhacht in áiteanna. Tar éis na gcreathanna, tharla tine mhór in Wajima.[1]
| |||||
Cineál | crith talún | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | Noto earthquake swarm (en) | ||||
Dáta na bliana | 1 Eanáir 2024 (16:10:22. Am Caighdeánach na Seapáine) 1 Eanáir 2024 (16:10:09. Am Caighdeánach na Seapáine) | ||||
Suíomh | Leithinis Noto, An tSeapáin , Maoracht Ishikawa, An tSeapáin | ||||
Tír | an tSeapáin | ||||
Méadaíocht crith talún (Scála Móimint) | 7.5 | ||||
Scála déine Mercalli | Mercalli scale IX (en) | ||||
Doimhneacht ingearach | 10 km 16 km | ||||
Líon básanna | 241 | ||||
Líon gortaithe | 1,299 | ||||
Toisc go raibh an crith talún 7.5 ar an scála déine sheismeach, cuireadh comhartha rabhaidh faoi shúnámaí amach chomh fada le hOirthear na Rúise. Ach an lá dár gcionn bhaineadar é mar níor dhein an crith talún na tonnta chomh hard is a ceapadh i dtosach.
In aerphort Haneda Tóiceo, bhuail A350 de chuid Japan Airlines (Aerlíne na Seapáine) agus eitleán de chuid na ngardaí cósta i gcoinne a chéile. Bhí na gardaí cósta ag tabhairt earraí go dtí an ceantar a bhí buailte ag an crith talún. Tháinig 379 duine slán as eitleán Aerlíne na Seapáine a chuaigh trí thine ar an rúidbhealach; bhí an t-ádh dearg orthu éalú ach fuair cúigear bás ar eitleán na ngardaí costa.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.