![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/99/Haiti_Earthquake_10.jpg/640px-Haiti_Earthquake_10.jpg&w=640&q=50)
Crith talún Háítí (2021)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tharla crith talún i dTiburon, Háítí ar an 14 Lúnasa 2021, 7.2 ar scála Richter.[1] Fuair níos mó ná 2,000 duine bás, agus b'fhéidir i bhfad níos mó. Bhí na mílte teach cónaithe agus foirgneamh scriosta ag an gcrith. Bhuail stoirm mhór thropaiceach an tír ar an 16/17 Lúnasa.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/26/2021-08-14_Nippes%2C_Haiti_M7.2_earthquake_shakemap_%28USGS%29.jpg/640px-2021-08-14_Nippes%2C_Haiti_M7.2_earthquake_shakemap_%28USGS%29.jpg)
Fíricí Gasta Cineál, Dáta na bliana ...
| ||||
Cineál | Crith talún ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 14 Lúnasa 2021 ![]() | |||
Suíomh | Tiburon (en) ![]() ![]() ![]() Sud, Háítí (en) ![]() Grand'Anse, Háítí (en) ![]() ![]() | |||
Tír | Háítí ![]() | |||
Méadaíocht crith talún (Scála Móimint) | 7.2 ![]() | |||
Scála déine Mercalli | Mercalli scale IX (en) ![]() ![]() | |||
Doimhneacht ingearach | 10 km (folár) ![]() | |||
Líon básanna | íosmhéid 2,207 (22 Lúnasa 2021) ![]() | |||
Líon gortaithe | 12,268 ![]() | |||
Dún
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/04/Haiti_Earthquake_7.jpg/640px-Haiti_Earthquake_7.jpg)
Bhí an tír ina cíor thuathail amach is amach roimh an crith talún agus t-ainrialachas i réim timpeall na tíre. Feallmharaíodh an t-uachtarán Jovenel Moïse ina áras cónaithe sa phríomhchathair Port-au-Prince ar 7 Iúil 2021. Bhí an tír faoi sceimhle ag na geaingeanna. Bhí dronga d'ógánaigh ag guairdeall thart faoin gceantar Tiburon. Mar sin, bhí sé deacair idirghabhálacha faoi ainm na cabhrach daonnúla a chur i mbun.