Cróch
géineas plandaí / From Wikipedia, the free encyclopedia
Planda ilbhliantúil a tháirgeann cormáin, dúchasach don Eoraip, is ea an cróch (géineas Crocus).[1] Na duilleoga 12-30 cm ar fhad, lansa-chruthach snasta, imithe nuair a thagann na bláthanna amach sa bhfómhar. Na bláthanna liathchorcra cuach-chruthach le 6 theascán iombhlátha, cónasctha ag a mbun chun feadán 5-20 cm ar fhad a chruthú. Aibíonn an toradh san earrach nuair a thagann na duilleoga amach. Foinse den alcalóideach coilcicín, agus úsáidtear an ceimiceán seo i dtaighde géiniteach chun bac a chur ar scaradh na gcrómasóm i gcilldeighilt.[2]
Fíricí Gasta Crocus, Sonraí ...
Crocus | |
---|---|
Sonraí | |
Gnáthóg | ithir thirim |
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asparagales |
Fine | Iridaceae |
Fofhine | Crocoideae |
Géineas | Crocus L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Crocus sativus |
Dún