![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d5/Protest_against_military_coup_%25289_Feb_2021%252C_Hpa-An%252C_Kayin_State%252C_Myanmar%2529_%25281%2529.jpg/640px-Protest_against_military_coup_%25289_Feb_2021%252C_Hpa-An%252C_Kayin_State%252C_Myanmar%2529_%25281%2529.jpg&w=640&q=50)
Corraíl shibhialta Mhaenmar, 2021
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tharla coup d'état in Maenmar ar an 1 Feabhra 2021, ghabh Min Aung Hlaing, ardcheannasaí an airm (an 'Tatmadaw') an chumhacht le lámh láidir. Chur an t-arm ceannaire na tíre, Aung San Suu Kyi, a toghadh go daonlathach, as oifig maidin an 1 Feabhra. Bhí staid éigeandála fógraithe sa tír 'go ceann tamaill' ach níor thug an ceannasaí airm aon leide maidir le cén uair a thiocfadh deiridh leis, agus go reachtáilfí toghchán nua.[1]
Fíricí Gasta Cineál, Tréimhse ...
Cineál | agóid ![]() |
---|---|
Tréimhse | 2 Feabhra 2021 - |
Dáta na bliana | 2021 ![]() |
Tír | Maenmar ![]() |
Líon na rannpháirtithe | 100,000 ![]() |
Líon básanna | 1 (30 Márta 2021) > 500 (30 Márta 2021) ![]() |
![]() ![]() |
Dún
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e8/2021_Myanmar_Protest_in_Hleden.jpg/640px-2021_Myanmar_Protest_in_Hleden.jpg)
Chuaigh na céadta míle daoine amach ar na sráideanna lá i ndiaidh lae ag léirsiú, in ainneoin bhrúidiúlacht na deachtóireachta athbhunaithe. Le linn na bliana 2021, gar do 1,300 duine a mheastar a mharaigh arm Mhaenmar le linn léirsithe.[2]