From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhí Corn an Domhain sa Rugbaí 2007 ar siúl sa Fhrainc ón 7 Meán Fómhair go dtí an 20 Deireadh Fómhair 2007. D'imir na 20 tír a bhí san iomaíocht do Chorn Webb Ellis 48 gcluiche thar 44 lá. Ba é seo an 6ú huair a bhí an corn domhanda ar siúl.
Bhain an Afraic Theas an comórtas, le bua 15–6 i gcoinne Sasana sa chluiche ceannais.
Imríodh na cluichí in dhá staid déag, deich gcinn sa Fhrainc, ceann amháin sa Bhreatain Bheag (Caerdydd) agus ceann amháin in Albain (Dún Éideann). Imríodh an cluiche tosaigh agus an cluiche ceannais sa Stade de France.
Cathair | Staid | Toilleadh | Cluichí |
---|---|---|---|
Saint-Denis | Stade de France | 80,000 | 7 |
Caerdydd | Millennium Stadium | 72,000 | 4 |
Dún Éideann | Murrayfield | 67,800 | 2 |
Marseille | Stade Vélodrome | 60,031 | 6 |
Páras | Parc des Princes | 48,527 | 5 |
Lens | Stade Félix Bollaert | 41,649 | 3 |
Lyon | Stade Gerland | 41,044 | 3 |
Nantes | Stade de la Beaujoire | 38,285 | 3 |
Toulouse | Stadium Municipal | 36,550 | 4 |
Saint-Étienne | Stade Geoffroy-Guichard | 35,616 | 3 |
Montpellier | Stade de la Mosson | 35,500 | 4 |
Bordeaux | Stade Chaban-Delmas | 34,462 | 4 |
Ghlac fiche foireann páirt sa chomórtas:
An Afraic |
Meiriceá |
An Áise |
An Eoraip
|
An Aigéine |
Cuireadh na fiche foireann a bhí cáilithe isteach i gceithre Ghrúpa, agus cúig thír i ngach grúpa. Bhí foireann a bhain an babhta leathcheannais amach sa chorn domhanda roimhe sin agus foireann a bhain na babhtaí ceathrú ceannais amach i ngach grúpa. Foirne ón comórtas cáiliúcháin a bhí sna foirne eile. D'imir gach foireann i gcoinne gach foireann eile sa Ghrúpa céanna uair amháin.
Fuarthas ceithre phointe ar bhua agus dhá phointe ar chomhscór. Ní bhfuarthas aon phointe as cluiche a chailliúint. Bhí pointí bónais ar fáil freisin i ngach cluiche: pointe amháin as ceithre úd a scóráil (beag beann ar thoradh an chluiche), agus pointe amháin don fhoireann a chaill an cluiche más rud é go raibh seacht bpointe nó níos lú idir na foirne. Cuireadh na pointí bónais agus na pointí ó na cluichí le chéile, agus chuaigh an dá fhoireann a raibh an líon ba mhó pointí acu ar aghaidh chuig na babhtaí ceathrú ceannais.
Chomh maith leis sin, fuair dhá fhoireann déag áit uathoibríoch ag Corn Rugbaí an Domhain 2011, sé sin na foirne a chríochnaigh sa chéad trí áit i ngach grúpa.
Dáta | Scór | Staid | Áit | ||
---|---|---|---|---|---|
8 Meán Fómhair, 18:00 | Sasana | 28–10 | Na Stáit Aontaithe | Stade Félix Bollaert | Lens |
9 Meán Fómhair, 16:00 | An Afraic Theas | 59–7 | Samó | Parc des Princes | Páras |
12 Meán Fómhair, 14:00 | Na Stáit Aontaithe | 15–25 | Tonga | Stade de la Mosson | Montpellier |
14 Meán Fómhair, 21:00 | Sasana | 0–36 | An Afraic Theas | Stade de France | Saint-Denis |
16 Meán Fómhair, 16:00 | Samó | 15–19 | Tonga | Stade de la Mosson | Montpellier |
22 Meán Fómhair, 14:00 | An Afraic Theas | 30–25 | Tonga | Stade Félix Bollaert | Lens |
22 Meán Fómhair, 16:00 | Sasana | 44–22 | Samó | Stade de la Beaujoire | Nantes |
26 Meán Fómhair, 20:00 | Samó | 25–21 | Na Stáit Aontaithe | Stade Geoffroy-Guichard | Saint-Étienne |
28 Meán Fómhair, 21:00 | Sasana | 36–20 | Tonga | Parc des Princes | Páras |
30 Meán Fómhair, 20:00 | An Afraic Theas | 64–15 | Na Stáit Aontaithe | Stade de la Mosson | Montpellier |
Áit | Tír | Cluichí | Pointí | Pointí bónais |
Pointí | |||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Imeartha | Buaite | Comhscóir | Caillte | Scóráilte | I gcoinne | +/- | ||||
1 | An Astráil | 4 | 4 | 0 | 0 | 215 | 41 | 174 | 4 | 20 |
2 | Fidsí | 4 | 3 | 0 | 1 | 114 | 136 | -22 | 3 | 15 |
3 | An Bhreatain Bheag | 4 | 2 | 0 | 2 | 168 | 105 | 63 | 4 | 12 |
4 | An tSeapáin | 4 | 0 | 1 | 3 | 64 | 210 | -146 | 1 | 3 |
5 | Ceanada | 4 | 0 | 1 | 3 | 51 | 120 | -69 | 0 | 2 |
Dáta | Scór | Staid | Áit | ||
---|---|---|---|---|---|
8 Meán Fómhair, 15:45 | An Astráil | 91–3 | An tSeapáin | Stade Gerland | Lyon |
9 Meán Fómhair, 14:00 | An Bhreatain Bheag | 42–17 | Ceanada | Stade de la Beaujoire | Nantes |
12 Meán Fómhair, 18:00 | An tSeapáin | 31–35 | Fidsí | Stadium Municipal | Toulouse |
15 Meán Fómhair, 15:00 | An Bhreatain Bheag | 20–32 | An Astráil | Millennium Stadium | Caerdydd |
16 Meán Fómhair, 14:00 | Fidsí | 29–16 | Ceanada | Millennium Stadium | Caerdydd |
20 Meán Fómhair, 21:00 | An Bhreatain Bheag | 72–18 | An tSeapáin | Millennium Stadium | Caerdydd |
23 Meán Fómhair, 14:30 | An Astráil | 55–12 | Fidsí | Stade de la Mosson | Montpellier |
25 Meán Fómhair, 18:00 | Ceanada | 12–12 | An tSeapáin | Stade Chaban-Delmas | Bordeaux |
29 Meán Fómhair, 15:00 | An Astráil | 37–6 | Ceanada | Stade Chaban-Delmas | Bordeaux |
29 Meán Fómhair, 17:00 | An Bhreatain Bheag | 34–38 | Fidsí | Stade de la Beaujoire | Nantes |
Áit | Tír | Cluichí | Pointí | Pointí bónais |
Pointí | |||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Imeartha | Buaite | Comhscóir | Caillte | Scóráilte | I gcoinne | +/- | ||||
1 | An Nua-Shéalainn | 4 | 4 | 0 | 0 | 309 | 35 | 274 | 4 | 20 |
2 | Albain | 4 | 3 | 0 | 1 | 116 | 66 | 50 | 2 | 14 |
3 | An Iodáil | 4 | 2 | 0 | 2 | 85 | 117 | -32 | 1 | 9 |
4 | An Rómáin | 4 | 1 | 0 | 3 | 40 | 161 | -121 | 1 | 5 |
5 | An Phortaingéil | 4 | 0 | 0 | 4 | 38 | 209 | -171 | 1 | 1 |
Dáta | Scór | Staid | Áit | ||
---|---|---|---|---|---|
8 Meán Fómhair, 13:45 | An Nua-Shéalainn | 76–14 | An Iodáil | Stade Vélodrome | Marseille |
9 Meán Fómhair, 18:00 | Albain | 56–10 | An Phortaingéil | Stade Geoffroy-Guichard | Saint-Étienne |
12 Meán Fómhair, 20:00 | An Iodáil | 24–18 | An Rómáin | Stade Vélodrome | Marseille |
15 Meán Fómhair, 13:00 | An Nua-Shéalainn | 108–13 | An Phortaingéil | Stade Gerland | Lyon |
18 Meán Fómhair, 21:00 | Albain | 42–0 | An Rómáin | Murrayfield | Dún Éideann |
19 Meán Fómhair, 20:00 | An Iodáil | 31–5 | An Phortaingéil | Parc des Princes | Páras |
23 Meán Fómhair, 17:00 | Albain | 0–40 | An Nua-Shéalainn | Murrayfield | Dún Éideann |
25 Meán Fómhair, 20:00 | An Rómáin | 14–10 | An Phortaingéil | Stadium Municipal | Toulouse |
29 Meán Fómhair, 13:00 | An Nua-Shéalainn | 85–8 | An Rómáin | Stadium Municipal | Toulouse |
29 Meán Fómhair, 21:00 | Albain | 18–16 | An Iodáil | Stade Geoffroy-Guichard | Saint-Étienne |
Áit | Tír | Cluichí | Pointí | Pointí bónais |
Pointí | |||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Imeartha | Buaite | Comhscóir | Caillte | Scóráilte | I gcoinne | +/- | ||||
1 | An Airgintín | 4 | 4 | 0 | 0 | 143 | 33 | 110 | 2 | 18 |
2 | An Fhrainc | 4 | 3 | 0 | 1 | 188 | 37 | 151 | 3 | 15 |
3 | Éire | 4 | 2 | 0 | 2 | 64 | 82 | -18 | 1 | 9 |
4 | An tSeoirsia | 4 | 1 | 0 | 3 | 50 | 111 | -61 | 1 | 5 |
5 | An Namaib | 4 | 0 | 0 | 4 | 30 | 212 | -182 | 0 | 0 |
Dáta | Scór | Staid | Áit | ||
---|---|---|---|---|---|
7 Meán Fómhair, 21:00 | An Fhrainc | 12–17 | An Airgintín | Stade de France | Saint-Denis |
9 Meán Fómhair, 20:00 | Éire | 32–17 | An Namaib | Stade Chaban-Delmas | Bordeaux |
11 Meán Fómhair, 20:00 | An Airgintín | 33–3 | An tSeoirsia | Stade Gerland | Lyon |
15 Meán Fómhair, 21:00 | Éire | 14–10 | An tSeoirsia | Stade Chaban-Delmas | Bordeaux |
16 Meán Fómhair, 21:00 | An Fhrainc | 87–10 | An Namaib | Stadium Municipal | Toulouse |
21 Meán Fómhair, 21:00 | An Fhrainc | 25–3 | Éire | Stade de France | Saint-Denis |
22 Meán Fómhair, 21:00 | An Airgintín | 63–3 | An Namaib | Stade Vélodrome | Marseille |
26 Meán Fómhair, 18:00 | An tSeoirsia | 30–0 | An Namaib | Stade Félix Bollaert | Lens |
30 Meán Fómhair, 15:00 | An Fhrainc | 64–7 | An tSeoirsia | Stade Vélodrome | Marseille |
30 Meán Fómhair, 17:00 | Éire | 15–30 | An Airgintín | Parc des Princes | Páras |
Cluichí ceathrú ceannais | Cluichí leathcheannais | Cluiche ceannais | ||||||||
6 DF, Marseille | ||||||||||
An Astráil | 10 | |||||||||
13 DF, Saint-Denis | ||||||||||
Sasana | 12 | |||||||||
Sasana | 14 | |||||||||
6 DF, Caerdydd | ||||||||||
An Fhrainc | 9 | |||||||||
An Nua-Shéalainn | 18 | |||||||||
21 DF, Saint-Denis | ||||||||||
An Fhrainc | 20 | |||||||||
Sasana | 6 | |||||||||
7 DF, Marseille | ||||||||||
An Afraic Theas | 15 | |||||||||
An Afraic Theas | 37 | |||||||||
14 DF, Saint-Denis | ||||||||||
Fidsí | 20 | |||||||||
An Afraic Theas | 37 | Tríú hÁit | ||||||||
7 DF, Saint-Denis | ||||||||||
An Airgintín | 13 | 19 DF, Páras | ||||||||
An Airgintín | 19 | |||||||||
An Fhrainc | 10 | |||||||||
Albain | 13 | |||||||||
An Airgintín | 34 | |||||||||
Percy Montgomery | An Afraic Theas | 105 pt. |
Felipe Contepomi | An Airgintín | 91 pt. |
Jonny Wilkinson | Sasana | 67 pt. |
Nick Evans | An Nua-Shéalainn | 50 pt. |
Jean-Baptiste Élissalde | An Fhrainc | 47 pt. |
Bryan Habana | An Afraic Theas | 8 |
Drew Mitchell | An Astráil | 7 |
Doug Howlett | An Nua-Shéalainn | 6 |
Shane Williams | An Bhreatain Bheag | 6 |
Vincent Clerc | An Fhrainc | 5 |
Chris Latham | An Astráil | 5 |
B'ionann na hocht n-úd a scóráil Brian Habana agus curiarracht Jonah Lomu don líon úd is mó in aon chorn domhanda amháin.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.