From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugann rogha an ceart (nach oibleagáid é) ar shócmhainní airgeadais a cheannach nó a dhíol ar phraghas seasta taobh istigh de thréimhse shonraithe ama.[1]
Conradh rogha
Ceart ar mhéid sonraithe de shócmhainn shonraithe a cheannach nó a dhíol ar phraghas seasta ar nó roimh dháta áirithe.[2]
Geallaí rogha
An duine a dhíolann nó a thugann rogha mar mhalairt ar phréimh agus a bhfuil oibleagáid air gníomhú má fheidhmíonn sealbhóir na rogha a cheart faoin gconradh rogha.[3]
Rogha as an airgead
Rogha nach bhfuil maith ar bith ann as féin.[4]
Rogha ag an airgead
Rogha le praghas ceangail atá cothrom le margadhphraghas reatha na bunsócmhainne.[5]
Srathair (straddle)
Rogha comhcheangail de dhíol agus ceannach leis an bpraghas feidhme agus an dáta éaga céanna.[6]
Rogha Mheiriceánach
Rogha is féidir a fheidhmiú am ar bith roimh éag an chonartha.[7]
Rogha Áiseach
Rogha ar phraghsanna airgeadra nó tráchtearraí a chúitíonn an difríocht idir praghas ceangail na rogha agus meánphraghas na bunrogha.[8]
Rogha Eorpach
Rogha nach féidir a fheidhmiú ach ar a dháta éaga amháin.[9]
Rogha intrádála
Conradh is féidir a dhíol ar aghaidh le daoine lasmuigh trí dhéantóirí margaidh ar phraghas a athraíonn de réir an choibhneasa atá idir bunphraghas an chonartha agus an ghluaiseacht i mbunphraghas na scaire thar an tréimhse.
Roghán
In ionad iad a dhíol ar an malartán, is amhlaidh a thairgeann institiúidí iad (cosúil le roghanna airgeadraí).
Rogha ar cheannach
An ceart ar líon scaireanna sócmhainní a cheannach, ar phraghas luaite, taobh istigh d'am sonraithe.[10]
Rogha ar dhíol
Ceart ar líon sonraithe sócmhainní a dhíol ar phraghas luaite ag nó roimh am sonraithe.[11]
Réamhrogha
Réamhchonradh malairte le dáta inathraithe in ionad dáta seasta aibíochta.[12]
Rogha ar thodhchaíochtaí
Tugann rogha ar thodhchaíochtaí nó conradh rogha ar thodhchaíochtaí an ceart don cheannaitheoir conradh todhchaíochtaí sonraithe a dhíol nó a cheannach ar phraghas feidhmithe ar leith trí éag chonartha (ar phraghas sonraithe roimh dháta éaga sonraithe).[13]
Caidhp-rogha
Rogha caidhp rátá úis (de ghnáth) a cheannach nó a dhíol agus é de cheart ag (ach gan oibleagáid a bheith ar) an sealbhóir caidhp a cheannach nó a dhíol le ráta ceangail aontaithe ar (más den stíl Eorpach é) nó roimh (stíl Mheiriceánach) dáta tugtha i gcoinne préimh shonraithe.[15]
Rogha mheánráta
Rogha ar phraghsanna airgeadra nó tráchtearraí a chúitíonn an difríocht idir praghas ceangail na rogha agus meánphraghas na bunrogha.[16]
Rogha ar cheannach sladmhargaidh
Bíonn céadrogha ag an léasaí an tsócmhainn a cheannach ar phraghas níos ísle ná a luach margaidh cóir nuair a éagann an léas.[17]
Rogha ar airgeadra a dhíol
An ceart chun airgeadra áirithe a dhíol ar phraghas sonraithe laistigh de thréimhse ama sonraithe.[18]
Nóta rogha ar airgead innéacsaithe
Eisiúint ag ráta seasta a iompraíonn cúpón atá cuid mhaith níos airde ná mar is gnáth.[19]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.