![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/cc/Pyxis_constellation_map.png/640px-Pyxis_constellation_map.png&w=640&q=50)
Compás an Mhairnéalaigh
réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí theas / From Wikipedia, the free encyclopedia
Réaltbhuíon bheag dheisceartach is ea Compás an Mhairnéalaigh a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille. Pyxis Nautica a thug sé air – focail Laidine a chiallaíonn "boiscín mairnéalachta". Is dócha gurbh é compás mairnéalaigh na Loinge Argo a bhí i gceist aige, cé nach mbaintí úsáid as an gcompás mairnéalaigh i ré na Sean-Ghréagach. Pyxis an t-ainm Laidine a thugtar air faoi láthair.
![]() | |
Ainm Laidine (IAU) | Pyxis |
---|---|
Nod | Pyx |
Ginideach Laidine | Pyxidis |
Siombalaíocht | an Compás mairnéalaigh |
Dronairde | 9 h |
Diallas | −30° |
Achar | 221 céim cearnach Céim 65ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 0 |
Réalta is gile | α Pyx (méid 3.68) |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +50° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Márta an infheictheacht is fearr |
Sular chruthaigh Lacaille an réaltbhuíon seo bhí a chuid réaltaí páirteach i seanréaltbhuíon na Loinge, dá ngaireadh tráth Argo Navis. Bhí seanréaltbhuíon eile (nó astaireacht, b'fhéidir) sa cheantar seo na spéire darbh ainm Laidine Malus, .i. crann seoil; John Herschel a chruthaigh Malus sa bhliain 1844.
Bí cúramach gan an réaltbhuíon seo a thógáil in abhraíocht réaltbhuíon an Chompáis, dá ngairtear Circinus as Laidin. Léiríonn an réaltbhuíon úd compás línitheora, uirlis a mbaintear úsáid as chun ciorcail, srl., a tharraingt.