Comhdháil Yalta
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar Comhdháil Yalta nó Comhdháil na Crimé (códainm: Comhdháil an Arganátaigh) ar chruinniú mullaigh idir chinn rialtais na Stát Aontaithe, na Ríochta Aontaithe agus Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha idir 4–11 Feabhra na bliana 1945, agus an Dara Cogadh Domhanda ag druidim chun deiridh.
| ||||
Cineál | cruinniú mullaigh | |||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Yalta | |||
Tréimhse | 4 - 11 Feabhra 1945 | |||
Tréimhse ama | An Dara Cogadh Domhanda | |||
Suíomh | Pálás Livadia, An Úcráin , Yalta | |||
Tír | An tAontas Sóivéadach | |||
Rannpháirtí | ||||
I bhFeabhra 1945 bhuail an "Triúr Mór" - Winston Churchill, Franklin D Roosevelt agus Iósaf Stailín le chéile in Yalta sa Rúis. Cé nach raibh an cogadh thart go fóill, ba shoiléir go mbeadh an bua ag na comhghuaillithe. Ba é aidhm an chruinnithe an rud a bhí le tarlú san Eoraip i ndiaidh an chogaidh a shocrú.
Bhí an chomhdháil ar siúl ar feadh seachtaine i ngar do Yalta na Crimé, a bhíodh mar chuid den Aontas Sovéideach, sna Páláis Livadia, Yusupov, agus Vorontsov.