![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/ad/Great_seal_of_Irish_Catholic_Confederation.svg/langga-640px-Great_seal_of_Irish_Catholic_Confederation.svg.png&w=640&q=50)
Comhdháil Chaitliceach na hÉireann
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tréimhse fhéinrialtas na hÉireann idir 1642 agus 1649, le linn Chogadh na hAon Bhliana Déag ab ea Comhdháil Chaitliceach na hÉireann ̪nó Caitlicigh Chomhdhála,[1] Confederate Ireland, nó Irish Catholic Confederation). I gcaitheamh an ama seo, bhí dhá thrian d’Éirinn á rialú ag an Chomhdháil, a bhí lonnaithe i gCill Chainnigh. Ba iad uaisle Caitliceacha na hÉireann, cléirigh agus ceannairí míleata a bhunaigh í tar éis Éirí Amach 1641.
|
|||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | tír stairiúil ![]() | ||||
Reiligiún | Eaglais Chaitliceach Rómhánach ![]() | ||||
Teanga oifigiúil | an Ghaeilge agus Béarla ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1642 | ||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1652 ![]() | ||||
Throid Caitlicigh na Comhdhála i gcoinne arm Cúnantóirí Albanacha agus Parlaiminteoirí Sasanacha in Éirinn ó 1641 go dtí 1649. Ó thaobh na polaitíochta de, chuaigh siad i leith chúis na Ríogaithe, ach bhí siad idir dhá chomhairle maidir le cabhair mhíleata a thabhairt dóibh i gCogadh Cathartha Shasana.[1]
Tar éis do Shéarlas I Rí Shasana bás a fháil faoi lámh na bparlaiminteoirí buacha, ba go brúidiúil a cuireadh éirí amach Lucht na Comhdhála faoi chois le linn choncas Chromail ar Éirinn.
Tugadh talamh Éireannach mar íocaíocht don Mhodh-Arm Nua, rud a chuir deireadh leis an tseanaicme talún Chaitliceach den chuid ba mhó.[1]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/20/Kilkenny_St_Canice_Cathedral_SW_2007_08_28.jpg/640px-Kilkenny_St_Canice_Cathedral_SW_2007_08_28.jpg)