Comhaontuithe Heilsincí
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba é Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, ar a dtugtar Comhaontaithe Heilsincí nó Forógra Heilsincí freisin, an doiciméad a síníodh ag cruinniú deiridh an tríú céim den Chomhdháil um Shlándáil agus Chomhar san Eoraip (CSCE) a tionóladh i Heilsincí, an Fhionlainn, idir 30 Iúil – 1 Lúnasa 1975, tar éis dhá bhliain d'idirbheartaíocht ar a dtugtar Próiseas Heilsincí.[1] Shínigh na tíortha Eorpacha go léir a bhí ann ag an am sin (seachas an Albáin a bhí ar son na Síne agus Andóra a bhí leathcheannasach) chomh maith leis na Stáit Aontaithe agus Ceanada, 35 stát rannpháirteacha san iomlán, an Ionstraim Chríochnaitheach mar iarracht feabhas a chur ar an détente idir an tOirthear agus an tIarthar. Ní raibh Comhaontaithe Heilsincí ceangailteach, áfach, mar nach raibh stádas conartha acu a bheadh le daingniú ag parlaimintí.[2]
Cineál | conradh |
---|---|
Bailíocht | 1975 - |
Dáta na bliana | 1 Lúnasa 1975 |