Ollscoil Éireannach is ea An Coláiste Ollscoile, Baile Átha CliathCOBÁC (Béarla: University College Dublin (UCD)), (nó Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath mar a ghlaoitear uirthi go minic), (University College Dublin - National University of Ireland, Dublin tráth), atá suite i mBelfield i ndeisceart na príomhchathrach, Baile Átha Cliath. Is an ollscoil is mó in Éirinn í le breis agus 20,000 mac léinn cláraithe inti. Is comhcholáiste de chuid Ollscoil na hÉireann í.

Fíricí Gasta Sonraí, Cineál ...
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Thumb
Thumb
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálollscoil phoiblí
ollscoil taighde Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1854
Gníomhaíocht
Ball deDigital Preservation Coalition (en) Aistrigh
ORCID
Cumann Eorpach na nOllscoileanna
Coalition for Advancing Research Assessment (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon scoláirí33,321 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
MáthaireagraíochtOllscoil na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttps://www.ucd.ie/
Facebook: universitycollegedublin Twitter: ucddublin Instagram: universitycollegedublin LinkedIn: 8462 Youtube: UCFNm26OW87Dm3fZ1txX1vGA Cuir in eagar ar Wikidata
Dún

Stair

B'í an chéad ollscoil Chaitliceach in Éirinn í. Tagann an ollscoil ó bhforas, The Catholic University of Ireland, a raibh lámh ag John Henry Newman ina bunú agus is é a bhí mar an chéad reachtaire uirthi sa bhliain 1854. Rinneadh athmhúnlú air sa bhliain 1880 agus a fuair a cairt féin faoi 1908.

Foirgnimh san Ollscoil agus cinn atá nasctha léi

  • Foirgneamh Agnes McGuire d'Obair Shóisialta
  • Ionad Talamhaíochta & Eolaíocht an Chothaithe
  • Teach an Aird Mhóir
  • Banc, AIB
  • Árais Chónaithe na Mac Léinn, Belgrove
  • Bloc D na Carraige Duibhe
  • Halla Thoir/Thiar na Carraige Duibhe
  • Ionad Scrúduithe na Carraige Duibhe
  • Aireagal na Carraige Duibhe
  • Bialann na Carraige Duibhe
  • Árais Chónaithe Mac Léinn na Carraige Duibhe
  • Ionad Thaighde ar Ghlair Thógálacha
  • Ionad Um Shintéis agus Cheimbhitheolaíocht
  • Institiúid Deirmeolaíochta Charles
  • Ospidéal Ollscolaíoch na Leanaí
  • Ionad Clinton an Léinn Mheiriceánaigh
  • Saotharlann na gCóras Coimpléascach agus Oiriúnaitheach
  • Ionad Ríomhaire
  • Ionad na Ríomheolaíochta agus na Faisnéisíochta
  • Institiúid Mhic Con Mí
  • Ospidéal Ollscoile an Choim do Mhná
  • Áras Daedalus
  • Ionad Fuinnimh
  • Ionad Innealtóireachta & Eolaíocht na nÁbhar
  • Institiúid Uí Ghadhra
  • Lárionad Gerard Manley Hopkins
  • Árais Chónaithe na Mac Léinn, Gleann na Mine
  • Scoil Chéimithe agus Ghnó
  • Foirgneamh Hanna Sheehy-Skeffington
  • Ionad na nEolaíochtaí Sláinte
  • Institiúid na hÉireann don Léann Daonna
  • Micribhitheolaíocht Thionsclaíoch
  • Leabharlann James Joyce
  • Institiúid John Hume don Léann Éireannach Domhanda
  • Fiobróis Scamhóige
  • Ospidéal an Mater Misercordiae
  • An Biúró Liachta um Shábháilteacht ar Bhóithre
  • Árais Chónaithe na Mac Léinn, Merville
  • Árais Chónaithe Mhucrois
  • An Institiúid Náisiúnta um Thaighde & Oiliúint Bithphróiseála
  • An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais
  • An tSaotharlann Náisiúnta Tagartha Víris
  • Áras Newman
  • Teach Newman
  • NovaUCD
  • Ionad Léinn Scannánaíochta Uí Chatháin
  • Halla Uí Raghallaigh
  • Naíolann Chnocán Daireach
  • Séipéal Mhuire Suí na hEagna
  • Ospidéal Mhuire na Leanaí
  • Polasaí Comhshaoil agus Pleanála
  • Áras Cónaithe Proby
  • Scoil Ghnó Uí Chuinn
  • Foirgneamh Léachtaí Richview
  • Leabharlann Richview
  • Halla Cuimhneacháin Richview
  • Scoil na hAiltireachta, Richview
  • Caisleán an Ruabhoic
  • Árais Chónaithe Chaisleán an Ruabhoic
  • Árais Chónaithe an Ruabhoic
  • Ionad Oideachais Dlí an Ruabhoic
  • Oifigí an Ruabhoic
  • Cnócán na Rós
  • An tOspidéal Ríoga, Domhnach Broc
  • Ionad Eolaíochta
  • Ionad Eolaíochta - Mol
  • Ionad Eolaíochta - Thuaidh
  • Ionad Eolaíochta - Theas
  • Ionad Eolaíochta - Thiar
  • Ionad Spóirt
  • An Pailliún Spóirt
  • Ospidéal Naomh Micheál
  • San Stiofán
  • Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann
  • Lárionad na Mac Léinn
  • Club na Mac Léinn
  • Ionad Cúraim Sláinte an Choim
  • Gort na Sceiche
  • Áras Uí Thiarnaigh
  • Ospidéal Ginearálta an Tulach Mhór
  • Foirgneamh Taighde UCD
  • Institiúid Uirbeach na hÉireann
  • Ospidéal Tréadliachta
  • Ionad na nEolaíochtaí Tréadliachta
  • Teach Radharc na Coille

Ainmníodh foirgneamh sa Choláiste i gcuimhne ar Gerard Manley Hopkins sa bhliain 2011, tar éis a thréimhse ann mar Ollamh Gréigise.

Bhronn Peter Sutherland €4 mhilliún de dheontas ar an gColáiste Ollscoile, le scoil dlí nua a thógáil in áit an tseanchinn, Caisleán Ruabhoic. Scoil Dlí COBÁC Peter Sutherland a thugtar ar an scoil.

Scoil an Leighis agus Eolaíocht an Leighis

Tá cúrsaí ollscoile a bhaineann le heolaíochtaí an duine lonnaithe in Ionad na nEolaíochtaí Sláinte (Foirgneamh na n-Eolaíochtaí Sláinte chomh maith) ar champas Belfield. B'é scoil an leighis agus na hinnealtóireachta an dá dháimh dheirneacha a bhog amach ó Ardán Phort an Iarla go Belfield.

Tá Scoil an Leighis nasctha le hOspidéal Ollscoile Naomh Uinseann agus é mar phríomhospidéal oiliúna acu.

Cumainn agus Meáin na Mac Léinn

An Cumann Liteartha agus Stairiúil

Is é an Cumann Liteartha agus Stairiúil an cumann díospóireachta is mó ar an gColáiste agus ceann de na cinn is mó, is sine agus is aitheanta sa tír ar fad chomh maith. Cuireann an cumann díospóireachtaí agus comórtais rialta ar siúl.

An Cumann Gaelach (COBÁC)

Is cumann mór mac léinn é an Cumann Gaelach a eagraíonn réimse leathan imeachtaí gach bliain. Le tamall de bhlianta anuas bhí os cionn 1,000 ball ag an gCumann. Sa bhliain 2011 bhí os cionn 2,000 ball acu.

Na Meáin Chlóite

Tá dhá phríomhnuachtán mac léinn sa choláiste. Is nuachtán mórbhileoige é an University Observer a fhoilsítear gach coicís. Is nuachtán tablóide é an College Tribune a bhunaigh an t-iriseoir Vincent Browne.

Raidió

Is stáisiún raidió mac léinn é Belfield FM a chraolann as An Coláiste Ollscoile, ar líne agus ar FM ar feadh tréimhsí áirithe gach bliain.

Spórt

Is iomaí spórt a imrítear ar champas agus is ann do mhórán áiseanna éagsúla cé nach bhfuil raon reatha ag an gColáiste a thuilleadh. Osclaíodh ionad úr spóirt sa bhliain 2012 a bhfuil linn snámha, giomnáisiam agus áiseanna eile mac léinn ann.

Sacar

Is ann a imríonn Cumann Peile Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Naisc Sheachtracha


Wikiwand in your browser!

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.

Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.