From Wikipedia, the free encyclopedia
i gcoimhlint Iosrael–Gaza sa bhliain 2014, maraíodh 2,100̹̟+ Palaistíneach ar taobh amháin agus ar an taobh eile, 71 Iosraelach.[1]
Cineál | oibríocht mhíleata de Fórsaí Cosanta Iosrael |
---|---|
Cuid de | Gaza–Israel conflict (en) |
Tréimhse | 8 Iúil - 26 Lúnasa 2014 |
Dáta na bliana | 2014 |
Suíomh | Stráice Gaza Iosrael |
Rannpháirtí | |
Is cúis le | 2014 Ben Gurion Airport flight bans (en) international reactions to 2014 Gaza War (en) media coverage of the 2014 Israel–Gaza conflict (en) 2014 Sarcelles riots (en) Speeches given at the United Nations regarding the Gaza Conflict (2014) (en) United Nations Fact Finding Mission on the 2014 Israel–Gaza conflict (en) |
Líon básanna | Iosrael: 71 (15 Deireadh Fómhair 2014) Stát na Palaistíne: 2,205 (15 Deireadh Fómhair 2014) |
Líon gortaithe | 10,626 (4 Eanáir 2015) |
Meán cumarsáide | |
Codanna | |
I mí Aibreáin 2014, bhí an sprioc am a bhí socruithe ag Meiriceá d'Iosrael agus don Phalaistín le comhaontú síochána a bheith déanta sa Meán Oirthear caite gan aon réiteach a bheith déanta.[2]
Ar 12 Meitheamh 2014, fuadaíodh agus dúnmharaíodh triúr déagóirí Iosraelacha[3] i Heabrón (is in Heabrón atá an choilíneacht mhíchlúiteach Kiryat Arba[4]). Dúirt rialtas na hÉireann ag an am, “Is den tábhacht freisin é go mbeadh na húdaráis freagrach agus srianta ina bhfreagra agus nach mbeadh aon íospartach neamhurchóideach eile mar thoradh ar an gcoir uafásach seo.”[5]
Mhúscail an drochscéal seo conspóid agus thionscain sé ráig foréigin. Is lú ná fríd máthair an oilc, deirtear.
Dúirt Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go n-imreofar an lámh láidir ar Phalaistínigh mar gheall ar an ionsaí. Ar 8 Iúil 2014, chuir Iosrael tús le hionsaithe aeir agus talún ar stráice Ghaza.[6] Sa chogaíocht a lean, maraíodh 2,100+ Palaistíneach ar taobh amháin agus ar an taobh eile, 71 Iosraelach.[1] Tharla ionsaithe gan ábhar is cosúil, sárú ar chearta an duine.[7]
Fógraíodh an Éigipt sos comhraic don chéad uair ar 14 Iúil.[8]
Thosaigh cainteanna idir Iosrael agus Hamas i gCaireo ar 12 Lúnasa.[9] D'fhógair Iosrael ar 19 Lúnasa go raibh sos lámhaigh thart.[10] Stop na hionsaithe faoi dheireadh ar 26 Lúnasa 2014.
Níos déanaí, ar 18 Samhain 2014, maraíodh ceathrar Iosraelach agus gortaíodh ochtar eile nuair a rinne beirt fhear ionsaí ar shionagóg in iarthar Iarúsailéim.[11] Bhí gunna, sceana agus tua ag an mbeirt. Mharaigh póilíní Iosraelacha an bheirt. Dúirt an eagraíocht thuata Fronta Pobail i gcomhair Shaoirse na Palaistíne gurb iad a bhí freagrach as an ionsaí.
Vótáil an Dáil ar 10 Nollaig 2014 ar son rún ó Shinn Féin le haitheantas mar stát a thabhairt don Phalaistín.[12] Tugadh aitheantas sa rún freisin do cheart mhuintir na Palaistíne a dtodhchaí féin a roghnú. Dá bharr, d'éirigh Éire an 135ú tír a thug aitheantas mar stát don Phalaistín.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.