From Wikipedia, the free encyclopedia
Thosaigh Cogadh Cathartha na Siria (Araibis: الحرب الأهلية السورية, Al-ḥarb al-ʼahliyyah as-sūriyyah) sa bhliain 2011. Bhris agóidí ar son an daonlathais amach sa tSiria ar an 15 Márta 2011. Fógraíodh go raibh an cogadh thart nuair an chuir an fáilte roimh an tUachtarán agus deachtóir Assad i mí na Bealtaine 2023.[1]
| ||||
Cineál | cogadh cathartha proxy war (en) communal violence (en) | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | An tEarrach Arabach agus Arab Winter (en) | |||
Tréimhse | 15 Márta 2011 - | |||
Tír | an tSiria | |||
Rannpháirtí | ||||
Cúis | An tEarrach Arabach | |||
Is cúis le | spillover of the Syrian Civil War (en) international reactions to the Syrian civil war (en) | |||
Líon básanna | 570,000 | |||
Croineolaíocht | ||||
Léigear Daraa | ||||
Khan Shaykhun chemical attack (en) | ||||
Battle of Baghuz Fawqani (en) | ||||
2019 Turkish offensive into north-eastern Syria (en) | ||||
Codanna | ||||
Tar éis d'fhórsaí slándála urchair a scaoileadh leis an lucht agóide, tháinig méadú as cuimse ar an bhforéigean agus cuireadh briogáidí reibiliúnacha le chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhórsaí an stáit.[2] D'éirigh ‘Earrach na nArabach’ ina gheimhreadh dorcha sa tSiria
Ba rí-ghairid go raibh sé ina chogadh cathartha le grúpaí éagsúla ag tnúth le titim an réimis.
Bhí seach-chogaí (‘proxy’) ann ar feadh na mblianta. I measc na ngrúpaí agus na dtíortha a bhí páirteach sna ‘cogaí sin’, bhí an Rúis, an Iaráin, an Tuirc, Iosrael, Meiriceá, an Fhrainc, an Bhreatain, An Araib Shádach, Catar agus an Liobáin, agus airm eile, go mór mór Hezbollah, ISIS agus al-Nusra.
Bhí stát de facto bainte amach ag an grúpa ainrialach, Coirdíneach an YPG/J i dtuaisceart na tíre. Agus bhí stát uathlathach, ‘Ioslamach’ bunaithe in oirthear na tíre ag lucht ISIS ag pointe amháin.
Sheas an tUachtarán Bashar al-Assad an fód. Bhí arm láidir aige agus cabhair aige ó throdairí Hezbollah ón Liobáin, ón Rúis agus ón Iaráin.[3]
Idir 2011-2021, maraíodh 600,000, theith os cionn 6 milliún thar lear agus bhí níos mó ná 6 milliún eile fágtha gan dídean sa tSiria.[4]
Ar 20 Lúnasa 2012, d'fhógair Barack Obama, uachtarán na Stát Aontaithe, “Tá ár gcuid bunphrionsabal againn; ní thig liom glacadh le cogaíocht cheimiceach”
Ach bliain amháin níos déanaí, ar 20/21 Lúnsasa 2013, dáta siombalach, rinne fórsaí Assad ionsaí ceimiceach ar Ghouta sa tSiria. Chinn Obama faic a dhéanamh, volte face náireach.[5] Bhain Vladimir Putin, uachtarán na Rúise, leas as an áiméar sin agus lean an cogadh ar aghaidh ar feadh cúpla bliain eile ar dhéine íseal.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.