![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/33/Falklands_War_-_Distances_to_bases.svg/langga-640px-Falklands_War_-_Distances_to_bases.svg.png&w=640&q=50)
Cogadh Fháclainne
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard a bhí i gceist le Cogadh Fháclainne (nó Cogadh Oileáin Fháclainne nó Cogadh an Atlantaigh Theas mar a deir lucht labhartha na Spáinnise: La Guerra del Atlántico Sur) ná cogadh idir an Ríocht Aontaithe agus an Airgintín faoi Oileáin Fháclainne nó Las Malvinas mar a thugtar orthu as Spáinnis, chomh maith le hOileán Georgia Theas agus le hOileáin Sandwich Theas, ó 2 Aibreán 1982 go dtí 10 Meitheamh 1982.
Falkland Islands sovereignty dispute (en) ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
![]() ![]() | |
Cineál | cogadh |
Dáta | 1982 |
Comhordanáidí | 51° 45′ S, 59° 00′ O |
Áit | Oileáin Fháclainne agus An tSeoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas |
Éifeacht | an Ríocht Aontaithe |
Líon marbh | 891 ![]() |
Rannpháirtithe | an Ríocht Aontaithe agus an Airgintín |
Bhí an Airgintín le fada ag éileamh na n-oileán seo, agus is cuid lárnach de náisiúnachas na hAirgintíne an t-éileamh seo.
Ba é ba chúis leis an gcogadh ná seanfhaltanas faoi cé leis na hoileáin seo. Is é tuairim na hAirgintíne ná gur críocha Airgintíneacha iad na hoileáin agus nach raibh na hAirgintíneach ach ag iarraidh tailte dá gcuid féin a fháil ar ais. Maidir leis na Sasanaigh, deir siadsan gur coilíneacht de chuid na Corónach iad na hoileáin ón mbliain 1841 anuas.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/a4/Galtieri-Jofre.jpg/640px-Galtieri-Jofre.jpg)