Clochaois
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ré leathan réamhstairiúil í an Chlochaois, ina raibh daoine ag brath ar chloch chun uirlisí agus airm a dhéanamh. Mar shampla, bhíodh feidhm á bhaint as breochloch agus seirt le haghaidh uirlisí agus airm, agus basalt agus gaineamhchloch chun brónna a dhéanamh le haghaidh cócaireachta. Chomh maith leis na hábhair seo, bhí adhmad, cnámh, sliogán, beann agus rudaí eile in úsáid. Sa chuid is déanaí den aois, thosaigh daoine ag déanamh criadóireachta as cré nó dríodair eile.
Fíricí Gasta Cineál, Ainmnithe in ómós ...
Cineál | aois seandálaíochta human history (en) temporal entity (en) |
---|---|
Ainmnithe in ómós | stone tool (en) |
Cuid de | Sealadh Holaicéineach agus An Réamhstair |
Dún
Tosaíonn an Chlochaois idir 2.7 agus 2.58 milliún bliain ó shin nuair a bhaineadh feidhm as uirlisí cloiche don chéad uair i nGona na hAetóipe. Críochnaíonn an aois le forbairt na talmhaíochta, ceansú ainmhithe áirithe agus bruithniú mhian chopair chun miotal a chruthú.