From Wikipedia, the free encyclopedia
Séadchomhartha Náisiúnta (228) is ea an ráth agus cloch oghaim (CIIC 230), Clochán Cárthainn, suite i gContae Chiarraí, Éire.[1][2]
Clochán Cárthainn | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Suíomh seandálaíochta | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Chiarraí, Éire | |||
| ||||
Tá Clochán Cárthainn suite ar an taobh thiar den Leithinis Uíbh Ráthaigh, 7.2 km ó dheas soir ó dheas de Cathair Saidhbhín,[3] ag 51° 53′ 18″ N, 10° 11′ 02″ O
Bunaithe ar ghramadach na hinscríbhinne, moltar gur cuireadh an chloch Oghaim suas sách déanach c. AD 600.[4] In aice léi, tá caiseal adhlactha Críostaí.
Is ciorclach é an rath agus banc cré thart timpeall air, le slí isteach ar an taobh thoir agus galláin ar an taobh thiar. Laistigh tá bothán ciorclach, trí leacht, uaimh talún agus leac croise. Ghlaoití 'Keel' Darrach air sa cheantar.
Sheasadh an chloch Oghaim ag an slí isteach thoir den ráth, ach anois tá sí ar an taobh thuaidh. Is cloch slinne í, le tomhas 208 × 38 × 18 cm. Léitear an inscríbhinn:
Scríobhadh í seo os cionn inscríbhinn nia luaithe:
Feictear an t-ainm céanna ar chloch Oghaim, litrithe MAQI-CAIRATINI, i mBaile Phaghain (CIIC 40).[6][7]
D'fhéadfadh é gurb í ciall an ainm 'clochán' anseo "áth chloch chora" (tá sruthán, an Doirín, lastoir de), nó clochán coirceogach, mar a fhaightear sa chaiseal.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.