Claonaíocht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i gceist leis an gclaonaíocht ná coincheap socheolaíochta a thagraíonn do scinneadh an duine ó noirm na sochaí. Cuid den chlaonaíocht é an coirpeachas, arb ionann é agus scinneadh ón dlí, ach thairis sin, claonaíocht de chineál eile atá i gceist nuair a bhristear nós nó béas.