Cló Gaelach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is cló é an Cló Gaelach (nó an seanchló uaireanta) a úsáidtear sa Ghaeilge go príomha, is sa Bhéarla go pointe, mar mhaisiú agus mar léiriú ar chultúr na nGael den chuid is mó, agus ba ann a scríobhtaí an chuid ba mhó den Ghaeilge, tráth.
Cineál | handwriting style (en) , script nádúrtha agus bicameral script (en) |
---|---|
Cruthú | 1571 |
Bunaithe ar | aibítir Laidineach |
ISO 15924 | Latg (216) |
Treo téacs | clé go deas |
Is é an rud atá i gceist leis an gcló Gaelach ná leagan ar leith den aibítir Laidineach agus é bunaithe ar stíl peannaireachta na sean-lámhscríbhinní [1]. Leis an nGaeilge is mó a shamhlaítear an stíl inniu, ach le fírinne, tá sí an-chosúil leis an mionpheannaireacht a chleachtaítí i Mór-roinn na hEorpa i laethanta Shéarlais Mhóir. Mar shampla, cuireadh an chéad fhoclóir Laidine-Gearmáinise, an tAbrogans, ar pár i litreacha atá an-chosúil leis an gcló Gaelach.
Cé is moite d'fhoirmeacha na litreach féin, is é an ponc scriosta nó an punctum delens príomhchomhartha sóirt an chló Ghaelaigh. Ar dtús, sna lámhscríbhinní Laidine sna Meánaoiseanna, ba nós litreacha a scríobhadh de thaisme a chur ar neamhní tríd an bponc seo a chur os a gcionn - sin é an tuige go dtugtar "ponc scriosta" air.
Ós rud é gurb ionann an litir f- a shéimhiú agus an fhuaim f- a bhá go hiomlán, thosaigh na scríobhaithe an ponc scriosta a úsáid mar chomhartha do shéimhiú an f-. De réir a chéile, fairsingíodh an úsáid seo ar na consain shéimhithe eile, cé gurbh é athrú na fuaime, in áit a scriosta, a bhí i gceist lena séimhiú-san.
Bhí ceist an chaighdeáin litrithe fite fuaite le ceist an chló Ghaelaigh, mar a thugtar air. Bhí scéal an Chló Ghaelaigh fite fuaite le scéal an Chaighdeáin, nó go ginearálta, ba iad na daoine céanna a roghnaíodh an seanchló agus an seanlitriú.