Ciorcad priontáilte
From Wikipedia, the free encyclopedia
Teicníocht chun teacht in ionad sreangaithe ar leith idir comhbhaill i gciorcaid leictreonacha. Déantar é trí líonra rianta tanaí miotalacha a dheascadh ar fud an bhoird, ceangail mhiotalacha leis an mbord is na comhbhaill leictreonacha a shádráil ar an taobh eile den bhord, nó ó timpeall 1990, ar an taobh céanna leis na rianta. Úsáidtear an teicníocht seo chun ciorcaid iomlánaithe is slisní eile a insealbhú ar bhoird le húsáid mar aonaid plugála isteach i ríomhairí, teilifíseáin, teileafóin is feistí eile leictreonacha. Is féidir ciorcaid phriontáilte a olltáirgeadh, agus mar sin is féidir a gcóimeáil sa bhfeiste dheireanach a uathoibriú go héasca. Faoi seo bíonn cuid mhaith ciseal i mbord casta, agus an-chuid comhbhall.[1]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4a/Commons-logo.svg/30px-Commons-logo.svg.png)
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann le: Printed circuit boards.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/65/PCB_Spectrum.jpg/320px-PCB_Spectrum.jpg)