Ciaróg oíche
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ciaróg bheag scothdhonn, 5-9 mm ar fhad, í an chiaróg oíche[1] (Xestobium rufovillosum). Áitríonn sí crainn atá ag lobhadh, ach anois faightear níos minice in adhmad saoirseachta i dtithe í. Tochlaíonn na larbhaí, atá méith le cosa bídeacha, isteach san adhmad. Cnagann na ciaróga fásta ar an adhmad le linn an tréimhse cúplála (Aibreán-Bealtaine). Fágann na larbhaí poill mhóra san adhmad nuair a thagann siad amach as.[2]
Fíricí Gasta Xestobium rufovillosum, Tacsanomaíocht ...
Xestobium rufovillosum | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Coleoptera |
Fine | Anobiidae |
Géineas | Xestobium |
Speiceas | Xestobium rufovillosum (De Geer, 1774) |
Ainmníocht | |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Ptinus rufovillosum |
Dún