fíleam prócarót From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is na cianabaictéir ann ná fíleam de bhaictéir uatrófacha Ghram-dhiúltacha, [1] ar féidir leo fuinneamh bitheolaíoch a fháil trí fhótaisintéis. Tá colainn cosúil le halga acu agus struchtúr ceallach (prócarótach) cosúil le baictéar. Tagann an t-ainm "cianbhaictéir" nó "cyanobacteria" ó dhath na mbaictéar (Gréigis: κυανός (kyanós) gorm),[2][3] atá mar an gcéanna mar bhunús leis a hainm coitianta algaí gormghlasa,[4][5][6] cé nach bhfuil siad aicmithe go heolaíoch mar algaí. Is cosúil gur tháinig siad ó dhúchas ó thimpeallacht fionnuisce nó talún.[7]
Cyanobacteria | |
---|---|
Sonraí | |
Ruaimniú Gram | baictéir Ghram-dhiúltacha |
Tacsanomaíocht | |
Fíleam | Cyanobacteria Caval.-Sm., 2002 |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin | |
Ex taxon author (en) | Roger Stanier |
Is dócha gurb iad na cianobaictéir an tacsón is líonmhaire dá raibh riamh ar an Domhan agus na chéad orgánach arb eol a tháirg ocsaigin.[8] Trí ocsaigin a tháirgeadh agus a scaoileadh mar fhotháirge fótaisintéise, meastar gur iompaigh na cianabaictéir an t-atmaisféar luath, a bhí ar bheagán ocsaigine ( atmaisféar dhí-ocsaídithe), go hatmaisféar ocsaídeach, is cúis leis "An Ocsaídiú Mór" agus "meirgeadh an Domhain",[9] rud a d'athraigh go mór comhdhéanamh foirmeacha beatha ar an Domhan.[10]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.