![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/55/1912_Lawrence_Textile_Strike_1.jpg/640px-1912_Lawrence_Textile_Strike_1.jpg&w=640&q=50)
Ceardchumann
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is ceardchumann ann ná eagraíocht d'oibrithe a tháinig le chéile chun go leor spriocanna coitianta a bhaint amach, mar shampla; sláine a cheird nó ghnó a chosaint, caighdeáin sábháilteachta a fheabhsú, pá níos fearr a bhaint amach, sochair (amhail laethanta saoire, cúram sláinte agus scoir), agus coinníollacha oibre de dheasca an chumais margála níos mó a chruthaigh monaplacht na n-oibrithe.
Trína a cheannaireacht, téann an ceardchumann ar margáil leis an bhfostóir thar ceann a chuid ball (gnáthbhaill an cheardchumainn) agus déantar conradh saothair (comhargántaíocht) le fostóirí.
Is é an cuspóir is coitianta na gcomhlachais nó na gceardchumainn seo ná "maintaining or improving the conditions of their employment" (Gaeilge: "coinníollacha a bhfostaíochta a chothabháil nó a fheabhsú").
D'fhéadfadh go mbeadh idirbheartaíocht pá, rialacha oibre, nósanna imeachta gearán, rialacha a bhaineann le fostaí a fhostú nó a bhriseadh as phost nó a earcú, cistí leasa foirne, agus sábháilteacht agus beartais san ionad oibre sa bheith san áireamh.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/55/1912_Lawrence_Textile_Strike_1.jpg/320px-1912_Lawrence_Textile_Strike_1.jpg)