easpag Ard Mhacha From Wikipedia, the free encyclopedia
Easpag ar Ard Mhacha agus leasaitheoir creidimh ab ea Ceallach, nó Celsus / Celestinus i Laidin agus Cellach of Armagh i mBéarla (1080 – 1 Aibreán 1129).[1][2] Ba leasaitheoir díograiseach é mar easpag.[3] D'éirigh Deoise Ard Mhacha níos tábhachtaí le linn a thréimhse mar easpag.[4][5]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1080 Éire |
Bás | 1 Aibreán 1129 48/49 bliana d'aois Ard Pádraig |
Easpag Caitliceach Ard Mharcha | |
23 Meán Fómhair 1106 – – Naomh Maelmhaedhoc Ó Morgair → Deoise: Deoise Chaitliceach Ard Mhacha | |
Ab | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | easpag Caitliceach (1106 (Féilire Ghréagóra)–), sagart Caitliceach (1105 (Féilire Ghréagóra)–) |
Tréimhse ama | Glúin an 12ú aois agus glúin an 11ú aois |
Ardú | |
Lá féile | 1 Aibreán |
Ceiliúrtar a lá féile ar 1 Aibreán.
Rugadh Ceallach sa bhliain 1080 i gContae Ard Mhacha.[6] Shíolraigh sé ón uasaicme ann. Ina theannta sin, bhí muintir Cheallach, na Siniaigh (nó Siniaich nó Sínnaig), i gcumhacht ar an "deoise" (nó dúiche ag an am). Bhí a athair ina ab ar Ard Mhacha ó 1074 go 1091 ach níor oirníodh ina shagart é. Teaghlach mór le rá sa pholaitíocht ab ea muintir Cheallach is cosúil. Ansin bhí a sheanuncail, Domnall mac Amalgada, ina ab.
Ceapadh Ceallach mar ab ar Ard Mhacha é sa bhliain 1105 agus rinneadh sagart de. I gcodarsnacht leis an traidisiúin teaghlaigh, duine spioradálta a bhí ann. Chuaigh an leasú eaglasta a bhí faoi lánseol sa Mhumhain san am sin go mór i bhfeidhm ar Cheallach, is cosúil.
Nuair a d’éag Easpag Ard Mhacha de bharr “shocrú fear nÉireann”, ardaíodh Ceallach ina easpag ar Ard Mhacha.
Ba é a bhí i gceannas an tSionaid leasaithigh a tionóladh i Ráth Bhreasail sa bhliain 1111.
Sa bhliain 1129, le linn dó bheith ar cuairt tréadaireachta sa Mhumhain, shíothlaigh Ceallach in Ard Phádraig agus ar a iarratas féin, cuireadh i Lios Mór é.
Oirníodh Maolmhaodhóg Ó Morgair ina shagart é ag Ceallach Naofa sa bhliain 1119. Ansin thogh Ceallach é mar bhíocáire agus níos déanaí ina ab ar mhainistir Ard Mhacha.
Tar éis a bháis ar 1 Aibreán 1129,[1] toghadh Maolmhaodhóg ina easpag ar Ard Mhacha, ach ní raibh sé in ann dul ann ar dtús toisc go raibh muintir Cheallach, na Siniaigh, fós i gcumhacht ann. Níos déanaí, ba leasaitheoir díograiseach é mar easpag, ar aon dul le Ceallach.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.