Ba phríomhdhraoi agus fáidheadhóir é Cathbhadh (nó Cafadh, Sean-Ghaeilge Cathbad) i gcúirt Chonchúir Rí sa Rúraíocht.

Fíricí Gasta Cineál, Comhthéacs ...
Dún

Breith Chonchúir

Tá dhá leagan sna foinsí ar bhreith Chonchúir, agus Cathbhadh ann araon mar chuid de.

Sa chéad leagan, is athair Chonchúir é. Fiafraíonn Neasa, iníon Eochaid Sálbuide (rí Uladh ag an am céanna), den draoi céard a mheasann sé mar dhea-thuar an lá úd. Freagraíonn Cathbad, "rí a ghineadh ar bhanríon". Toisc nach raibh fear ar bith eile i láthair, meallann Neasa Cathbhadh chun na leapa agus gineann sí mac.[1]

Sa dara leagan,[2][3] is taoiseach cheithearn fhianna é Cathbhadh, agus díríonn sé ionsaí ar theach athair altrama Neasa, agus maraítear cách ann.

Níl ar a chumas ar Eochaid tada a dhéanamh toisc níltear in ann an chóir a leagan ar Chathbhadh. Is ar an gcaoi sin a bhunaíonn Ness a ceithearn fhianna féin chun teacht suas leis. Lá amháin, ámh, agus sí imithe ina haonar chun folcadh, tagann Cathbhadh chuici agus éilíonn sé í mar bhean chéile. Ní raibh an dara rogha aici ach aontú.

I leagan éigin eile, áfach, ní hé Cathbhadh athair mac Neasa, ach a leannán, an t-ard-rí, Fachtna Fáthach.

Agus Neasa agus Cathbhadh ag taisteal chun cuairt a thabhairt ar Fhachtna, ar bhruach na habhann úd chuaigh Neasa i dtinneas linbh. Rinne Cathbhadh tairngreacht go mbeadh breithlá a linbh ar chomh lá le hÍosa Chríost,[5] márbh fhéidir léi fanacht go dtí an lá dár gcionn. Shuigh sí ar chloch ar bhruach na habhann, agus ar an lá ina dhiaidh, rugadh Conchúr dí. Thit an leanbh i ndiaidh a mhullaigh isteach san abhainn, ach d'ardaigh Cathbhadh amach é. D'ainmníodh an leanbh as an abhainn.[4][5]

Fáidh

Bhí an draoi i láthair ag breith Deirdre agus thuar sé a cinniúint, ach níor thug Conchúr aird dó.[6]

Tráth éigin eile, chuala Cú Chulainn óg ag dul thairis Cathbad ag tuar go mbeadh clú agus cáil shioraí, ag saol gearr, ag éinne a thógadh airm an lá úd. Rith sé ar an dtoirt go Conchúr agus d'iarr sé air go raibh sé ina shaighdiúir.

Nótaí

Wikiwand in your browser!

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.

Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.