From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhí Cath Passchendaele (Béarla: Battle of Passchendaele; Gearmanais: Flandernschlacht; an Fhraincis: Deuxième Bataille des Flandres) ar na cathanna ba mhó agus ab fhíochmhaire i rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Maraíodh níos mó ná 600,000 duine in aice leis an baile Passchendaele sa Bheilg.
An Fronta Thiar sa Chéad Chogadh Domhanda agus An Chéad Chogadh Domhanda | |
---|---|
Cineál | cath |
Dáta | 10 Samhain 1917 |
Comhordanáidí | 50° 54′ 01″ N, 3° 01′ 16″ E |
Áit | Passendale, Zonnebeke |
Tír | an Bheilg |
Thosaigh an cath ar an 31 Iúil 1917, agus lean sé ar aghaidh go mí na Samhna na bliana sin.
Bhí na mílte saighdiúir Éireannacha i measc na mairbh le linn an chatha,[1] ina measc an file Francis Ledwidge.
"Aistríodh an 16ú Rannán (Éireannach) agus an 36ú Rannán (Ulaidh) go dtí 5ú Arm an Ghinearáil Gough i mí Iúil 1917. An 31 Iúil, ghlac an 36ú Rannán (Ulaidh) páirt san ionsaí tosaigh ar shuímh dhaingne Gearmánacha soir ó Ypres. Is ar éigean Dé má d’fhéadfaí ionsaí ar bith a dhéanamh mar gheall ar an mbáisteach throm, a mhair ar feadh míosa. Mar sin féin, ghluais an dá rannán Éireannacha chun cinn ag Langemarck an 16ú Lúnasa. Cailleadh 65% de na haonaid tosaigh roimh an ionsaí mar gheall ar thuairgneáil throm ó na Gearmánaigh. Bhí 3,585 taismeach sa 36ú (Ulaidh) agus 4,231 taismeach sa 16ú (Éireannach). Maraíodh an tAthair Willie Doyle, MC, séiplíneach don 8ú Baile Átha Cliath. Bhí an 16ú Rannán (Éireannach) i gcomhrac in aice le Arras agus an 36ú Rannán (Ulaidh) in aice le Cambrai i mí na Samhna. Chuaigh an 10ú Rannán (Éireannach) chun na hÉigipte i Meán Fómhair".[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.