Cathair san Afraic is ea Cartúm (Araibis: الخرطوم al-Ḫarṭūm), an phríomhchathair agus an dara cathair is mó sa tSúdáin. Tá an chathair suite idir an dá Níl (An Níl Bhán agus an Níl Ghorm) i Stát Chartúm. Sa bhliain 2012, bhí 2,682,431 duine ina gcónaí inti. Is ceann de na trí chathair í Cartúm, in éineacht le Omdurman agus Cartúm Thuaidh, is í an chathair is sine díobh, cé go bhfuil baile Soba (baile beag atá suite deich míle ó lár na cathrach ar bhruach na Níle Goirme, ach atá anois ina pháirt den mhórbhaile) níos sine fós. Tá suas le cúig milliún duine ina gcónaí sna trí chathair le chéile, le hOmdurman suite san iarthar, ar bhruach na Níle Báine agus na Níle féin, agus Cartúm Thuaidh suite ar an taobh ó thuaidh den Níl Ghorm.
Fíricí Gasta Suíomh, Príomhchathair de ...
Dún
Sa teanga Araibise, úsáidtear an focal Cartúm mar ainm píobán (mar shampla, píobán gairdín) agus mar ainm ar shrón na heilifinte freisin. Deirtear go bhfuil cuma srón eilifinte ar cheantair na cathrach, maidir leis an tslí ina dtagann an dá Níl le chéile ann, agus an t-oileán beag (Oileán Tuti) suite i mbéal na Níle Goirme.