![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8e/Meyers_b15_s0272b.jpg/640px-Meyers_b15_s0272b.jpg&w=640&q=50)
An Carbónmhar
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tréimhse gheolaíoch sa ré Phailéasóch, 360-280 milliún bliain ó shin is ea an Carbónmhar[1] (nó an Tréimhse Charbónmhar[2]). Bhí foraoisí forleathana ar thalamh bháite le crainn bhuaircíneacha is raithneach, a chruthaigh an chuid is mó de na acmhainní guail atá ar Domhan inniu. Tharla sceireacha coiréil is sil-leagan aolchloiche go han-fhorleathan, agus péisteanna is plandaí síoliompartha den chéad uair. Sna Stáit Aontaithe roinntear an tréimhse i bhfo-thréimhse Mhiosasaipíoch (an chéad chuid) is fo-thréimhse Pheinnsiolváiniach (an dara cuid).[3]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8e/Meyers_b15_s0272b.jpg/640px-Meyers_b15_s0272b.jpg)