![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/6b/Bloch_sphere.svg/langga-640px-Bloch_sphere.svg.png&w=640&q=50)
Candamghiotán
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é candamghiotán an bhuneilimint eolais i ríomhaireacht chandamach.[1] I ngnáthríomhaireacht is é an giotán an bhuneilimint eolais, le luach 0 nó 1. I ríomhaireacht chandamach códaítear an t-eolas in dhá staid freisin, ach sa chóras candamach ní bhíonn an t-eolas teorannaithe do staid amháin nó an staid eile: is féidir leis a bheith sa dá staid ag an am céanna. Is é a bhíonn i gcandamghiotán ná forshuíomh dhá staid chandamacha, staid 0 is staid 1. Nuair a léitear candamghiotán, léitear dóchúlacht áirithe go bhfaighfear staid 0 is dóchúlacht áirithe eile go bhfaighfear staid 1, agus milltear carachtar speisialta an changhiotáin sa phróiseas.[2]
Fíricí Gasta Cineál, Aonad de ...
![]() ![]() | |
Cineál | unit of information (en) ![]() ![]() |
---|---|
Aonad de | quantum information (en) ![]() ![]() |
Eapainm | Giotán ![]() |
Dún