From Wikipedia, the free encyclopedia
Eagraíocht spóirt é Cumann Lúthchleas Gael Chontae Aontroim, atá i gceannas ar na cluichí Gaelacha a imrítear i gContae Aontroma, faoi cheannas Chumann Lúthchleas Gael.
Béarla | Antrim GAA | ||||||||||
Cúige | Cúige Uladh | ||||||||||
Leasainm | Saffrons/Glensmen | ||||||||||
Dathanna | Bán agus buí | ||||||||||
Staid | Páirc Mhic Asmaint, Béal Feirste | ||||||||||
Spórt ceannasach | Iomáint | ||||||||||
Sraith Pheile Náisiúnta | Roinn 4 | ||||||||||
Sraith Iomána Náisiúnta | Roinn 1B | ||||||||||
Craobh Pheile | Corn Mhic Uidhir | ||||||||||
Craobh Iomána | Corn Uí Rinn | ||||||||||
Peil na mBan | Corn Bhreandáin Uí Mháirtín | ||||||||||
Camógaíocht | Corn Mhig Craith | ||||||||||
|
Ba sa bhliain 1885 a bunaíodh Gaeil Bhéal Feirste (nó Ceannródaithe Bhéal Feirste mar ab fhearr aithne orthu san am), an chéad chlub de chuid Chumann Lúthchleas Gael i gContae Aontroma. Is don Athair J. Ó Raghallaigh (arbh as Loch gCaol ó dhúchas dó) a théann an chreidiúint uile as bratach Mhicheál Uí Chíosóg a ardú sa chontae.
Go gairid ina dhiaidh sin tháinig ceithre chlub iomána eile ar an fhód, mar a bhí: Cláirsigh Bhéal Feirste, Lámha Dearga Lios na gCearrbhach, Club William Orr agus Raonairí Divis.
Díol spéise é, b’fhéidir, an mhír eolais a tháinig ón Ard-Chomhairle lena chur in iúl "go bhfuarthas £3 ó Aontroim mar tháillí ballraíochta don bhliain 1885."
I ndiaidh Scoilt Pharnell, d’imigh na cúig chlub in Aontroim in éag agus níor tugadh faoi Chumann Lúthchleas Gael a chur ar a bhonnaí arís sa chontae go dtí mí Dheireadh Fómhair 1898. Ba é Club Iomána na Craoibhe Rua, nuair a bunaíodh é, a chuir tús leis an ghluaiseacht. Chuir oifigigh an chlub ráiteas amach ag impí "ar fheara C.L.G. Aontroma agus Uladh an t-aighneas polaitiúil a bhí eatarthu a chur i leataobh agus seasamh le chéile arís eile de mheon na aontachta agus na cairdine faoi bhratach na sean-Ghael sa bhliain stairiúil seo, comóradh céad bliain 1798."
Le himeacht aimsire, tháinig clubanna C.L.G. eile ar an fhód agus nuair a bunaíodh An Bord Contae i 1900/01 d’fhéadfaí a rá, gan aon amhras, go raibh Athnuachan Ghaelach na hÉireann in Aontroim faoin lán seoil.
1964, ‘65, ‘66, ‘67, ‘70, ‘72, ‘73, ‘74, ‘76, ‘78, ‘79, ‘80, ‘81, ‘82, ‘88, ‘89, ‘91, ‘92, ‘94, ‘95, ‘96, ‘98, ‘99, '00, 2002, '06
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.