Córas comhordanáideach sféarúil
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa mhatamaitic, is éard is córas comhordanáideach sféarúil ann ná córas comhordanáideach le haghaidh spáis thríthoisigh, áit ina mbíonn suíomh na rinne sonraithe ag trí uimhir: achar gathach na rinne ó bhunphointe seasta, a uillinn pholach tomhaiste ó threo fhorair sheasta, agus asamat de chuid a theilgin ortagánaigh, ar phlána tagartha a théann tríd an mbunphointe agus atá ortagánach leis an bhforar, tomhaiste ó threo seasta tagartha ar an bplána sin. Is féidir é a thuiscint mar an leagan tríthoiseach den chóras comhordanáideach pholach.