![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/df/Krum1.jpg/640px-Krum1.jpg&w=640&q=50)
Céad Impireacht na Bulgáire
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ag tús na 680idí, tháinig na treibheanna Bulgáracha faoi threoir Asparukh na Bulgáire aduaidh trasna na Danóibe agus chuir siad fúthu sa tír idir an Danóib Íochtair agus an abhainn na Balcáine, le príomhbhaile acu in Pliska.[1][2] Chuir conradh síochána leis an Impireacht Bhiosántach sa bhliain 681 tús le Céad Impireacht na Bulgáire. Mheasc na Bulgáraigh leis na daoine a bhí ann cheana, agus d'éirigh teanga den Shlávaic Theas ina teanga comónta.[3]
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
Първo българско царство (bg) ![]() | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Príomhchathair | Pliska, Veliki Preslav, Scóipé agus Ohrid ![]() | |||
Daonra | ||||
Teanga oifigiúil | Bulgar (en) ![]() An tSean-Slaivis Eaglasta Gréigis na Meánaoise ![]() | |||
Reiligiún | An Chríostaíocht ![]() | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Cruthú | 681 | |||
Díscaoileadh | 1018 | |||
Eagraíocht pholaitiúil | ||||
Córas rialtais | uathlathas ![]() |
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/df/Krum1.jpg/640px-Krum1.jpg)
Neartaigh na rialtóirí a tháinig ina dhiaidh sin stát na mBulgárach le linn na 8ú agus 9ú céadta. Mhéadaigh Krum Cán achar na himpireacht faoi dhó agus, é sin á chur i gnímh aige, mharaigh sé Nicephorus I, impire Bhiosáintiam i gcath Pliska.[4] Chuir Krum cód dlíthe ar bun. Díobhadh an pagánachas i bhfabhar Críostaíocht Cheartchreidmheach an Oirthir faoi riail Boris I sa bhliain 864.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c6/Bulgaria-ZarSime%C3%B3n.svg/640px-Bulgaria-ZarSime%C3%B3n.svg.png)
Ar shála an iompaithe chuig an gCríostaíocht, d'aithin Biosáintiam an eaglais Bhulgárach agus glacadh an aibítir Choireallach a d'fhorbair Preslav. Neartaigh sin an t-údarás lárnach san impireacht agus chuidigh sé le haontú na mBulgárach agus na Slávaigh eile sa tír. Bhí riail 34 bliana Shíomóin Mhóir ina ré órga ó thaobh chúrsaí cultúir agus méadú an limistéir faoin stát.