Bunúsaíochas
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é is bunúsaíochas,[1] nó bunchreidmheachas (fundamentalism), ann ná ciallú righin coimeádach, na scrioptúr reiligiúnda de ghnáth (ach tá ciallacha eile eile ann, mar shampla, bunúsaíochas eolaíochta).
Baineann an téarma seo le dearcadh nó gluaiseacht (reiligiúnach de ghnáth) a bhíonn bunaithe are phrionsabail bhunúsacha, a mholann cloí go dlúth leo sin, agus go minic a bhíonn beag beann ar thuairimí contrárthacha agus go láidir i gcoinne an dí-eaglaiseachais.[2]
Is é an chiall is minicí a bhaintear as an bhfocal "bunúsaíoch"[3] sa ghnáthchaint ná go seasann duine do ghluaiseachtaí frith-nua-aoiseacha. Tá na daoine seo ábalta, fiú, dul i muinín na sceimhlitheoireachta lena dtoil a chur i bhfeidhm ar na daoine go léir.