![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/37/Permalloy_strip.jpg/640px-Permalloy_strip.jpg&w=640&q=50)
Buanchóimhiotal
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cóimhiotal iarainn le nicil nó iarainn le cóbalt atá éasca le maighnéadú is dímhaighnéadú. Shaothraigh an t-innealtóir Sualannach Gustav Waldemar Elmen (1876-1957) é. Tá tréscaoilteacht mhaighnéadach ard na gcóimhiotal seo an-áisiúil i bpáirteanna innealra leictrigh a fhulaingíonn réimsí maighnéadacha a ailtéarnaíonn go tapa. Tháinig siad in úsáid an-choitianta ó 1920 sa tionscal teileachumarsáide i ndéanamh na gcáblaí le cur faoin teiscinn mhór chun toirt mhór teachtaireachtaí a ionramháil.[1]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/37/Permalloy_strip.jpg/640px-Permalloy_strip.jpg)