![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/70/Little-boy-atom-bomb.svg/langga-640px-Little-boy-atom-bomb.svg.png&w=640&q=50)
Buama adamhach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Buama (an A-bhuama) a phléascann trí fhuascailt fuinnimh le linn eamhnú adamh trom (úráiniam-235 nó plútóiniam-239).
Is féidir é a scaoileadh ó eitleán nó fomhuireán, nó le hairtléire. Tá leaganacha ar leith le fuinneamh níos lú ann, le húsáid mar airm bheartacha, agus leaganacha eile a dtugtar buamaí neodrón orthu a tháirgeann an-chuid radaíocht threáiteach neodrón (atá an-mharfach do dhaoine is orgánaigh eile, fiú má bhíonn siad i ndídean) ach nach mbíonn rómhillteach d'fhoirgnimh.
Tá na buamaí teirmeanúicléacha (N-bhuamaí) tagtha in ionad na n-A-bhuamaí cuid mhaith le blianta fada mar na hairm straitéiseacha is bagraí dá bhfuil ann. Bunaithe ar chomhleá adamh éadrom, ach truicearaithe le hA-bhuama, bíonn siad i bhfad níos cumasaí milltí.