From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i gceist le breith anabaí[1] ná deireadh toirchis gan an féatas a bheith beo.[2] In Éirinn, má chailleann bean a leanbh roimh 24 seachtaine iompair, nó sula sroicheann leanbh meáchan 500 gram, tugtar breith anabaí air seo.[3]
Cineál | pregnancy with abortive outcome (en) agus reproductive system symptom (en) |
---|---|
Speisialtacht leighis | obstatraic |
Aicmiú | |
ICD-10 | O03 |
ICD-9 | 634634 |
CIAP | W82 |
Acmhainní seachtracha | |
OMIM | 614389 |
DiseasesDB | 29 |
MedlinePlus | 001488 |
Patient UK | miscarriage-spontaneous-abortion |
MeSH | D000022 |
UMLS CUI | C0000786 agus C0000822 |
Tarlaíonn breith anabaí go minic gan aon rabhadh agus is minic nach féidir aon chúis mhíochaine a fháil faoin gcúis ar tharla sí. Is féidir le breith anabaí a bheith ina chrá agus cé gur féidir le bean teacht chuici féin go fisiciúil sách tapa ó bhreith anabaí, tógann sé i bhfad níos faide go mothaíoch. Gach bliain bíonn breith anabaí ag na mílte ban in Éirinn. Meastar go dtarlaíonn sé do 15% de mhná in Éirinn le linn toirchis.[5] Mar gheall ar an náire agus an stiogma a bhaineann leis na tragóidí bíonn ar mhná ualach an uaignis a iompar laistiar de bhrat rúndachta.[6] I measc na cúiseanna a luaitear le breith anabaí uaireanta: mínormáltacht sa bhféatas, an phlacaint nó an bhroinn, galar ag an máthair nó drugaí a bheith tógtha aici, srl.[7]
Bhí dhá bhreith anabaí ag Síle Seoige, rud a chuir sí roimpi sa chlár faisnéise dátheangach Síle Seoige: Deireadh Tochta ar TG4.[6] Ainmníodh é don Chlár Fíorasach Aonair is Fearr.[8]
Is féidir teastas marbh-bhreithe[9] a fháil in Éirinn.[10]
Téigh chuig láithreán gréasáin Pregnancy and Infant Loss Ireland[11] le haghaidh:
Is eagraíocht dheonach í Cumann Breitheanna Anabaí na hÉireann[13][14] a chuireann eolas agus tacaíocht ar fáil do mhná (agus dá bpáirtithe) a d’fhulaing breith anabaí. Soláthraíonn siad tacaíocht teileafóin, faisnéis faoi sheirbhísí cuimhneacháin, agus bileoga eolais ar cheisteanna a bhaineann le breith anabaí. Bíonn cruinnithe tacaíochta ar líne rialta acu freisin do thuismitheoirí atá ag déanamh bróin trí Zoom.[12]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.