forbróir bogearraí Ollannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Ríomhchláraitheoir Ollannach ab ea Bram Moolenaar a rugadh i 1961 i Lisse na hÍsiltíre agus a fuair bás ar 3 Lúnasa 2023.[1] Ba é an chéad údar agus príomhfhorbróir Vim,[2] eagarthóir téacs bunaithe ar an seaneagarthóir “vi” ar chórais Unix a bhfuil an-tóir air i measc ríomhchláraitheoirí. Bhí sé ina fhostaí de chuid Google ó 2006 go 2021, ag obair san oifig in Zürich.[3] Bhí sé in ann cuid mhaith ama a chaitheamh ag obair ar Vim sa ról sin.[4]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1961 Lisse, An Ísiltír |
Bás | 3 Lúnasa 2023 61/62 bliana d'aois |
Siocair bháis | Bás nádúrtha |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Teicneolaíochta Delft - Innealtóireacht leictreach (–1985) |
Teanga dhúchais | an Ollainnis |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Zürich |
Gairm | ríomhchláraitheoir, innealtóir leictreach |
Fostóir | Google (2006–2021) Océ (1985–1999) |
Teangacha | An Ollainnis, Béarla agus an Ghearmáinis |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Suíomh gréasáin | moolenaar.net |
Bhunaigh Moolenaar cumann carthanachta darb ainm ICCF Holland (International Child Care Fund) a chabhraíonn le dílleachtaí in Kibaale, baile beag i ndeisceart Uganda. Is “bogearra carthanachta” é Vim; is é sin le rá go bhfuil sé ar fáil saor in aisce, ach impíonn sé ar an úsáideoir síntiús deonach a thabhairt do ICCF ar an splancscáileán.[5] Úsáideann roinnt feidhmchlár eile ceadúnas den sórt seo anois.[6]
Bhí Moolenaar ina bhall den ghrúpa úsáideoirí Unix san Ísiltír, NLUUG, a bhronn gradam air [7] in 2008 as Vim a chruthú agus as an méid oibre a bhí déanta aige ar son bogearraí foinse oscailte go ginearálta.
Thosaigh an t-eagarthóir Vim mar “Vi IMitation” ar an Amiga i 1988, ach rinneadh athbhrandáil air mar “Vi IMproved” [8] níos déanaí, agus cuireadh ar fáil ar go leor ardán eile é freisin. Toisc go raibh an-tóir ar vi i measc ríomhchláraitheoirí agus riarthóirí córais, bhí amhras ann ar dtús an bhféadfadh an leagan ‘feabhsaithe’ a chruthaigh Moolenaar cáilíocht agus lucht leanúna an bhunleagan a bhaint amach. Ach ó eisíodh an chéad leagan ar chórais Unix i 1992, tá Vim tar éis vi a shárú go huile is go hiomlán, agus tá sé ar cheann de na heagarthóirí téacs is mó a bhfuil tóir air.[9][10][11] Tá Vim ar fáil i nGaeilge freisin.[12]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.