Brúchtadh Sundhnúkur, 2023
From Wikipedia, the free encyclopedia
Scoilteadh screamh an domhain san Íoslainn i rith mhí na Nollag 2023, agus bhrúcht bolcán nua san áit ar 18 Nollaig 2023, i Sundhnúkur in aice leis an mbaile Grindavik ar leithinis Reykjanes san Íoslainn.[1] Lean an brúchtadh go dtí an 21 Nollaig.
Fíricí Gasta Cineál, Ainmnithe in ómós ...
| ||||
Cineál | brúchtadh bolcáin | |||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Sundhnúkagígar (fr) | |||
Tréimhse | 18 - 21 Nollaig 2023 | |||
Suíomh | Reykjanes (en) , Grindavíkurbær, An Íoslainn | |||
Tír | an Íoslainn | |||
Le cuid | ||||
Dún
Réabadh gág de thrí chiliméadar go leith sa screamh, ónár tháinig laibhe ag ráta thart ar chéad nó dhá chéad méadar ciúbach sa soicind ar dtús. Tharla an brúchtadh tar éis na mílte crith talún. Bhí gach duine de mhuintir Grindavik bogtha amach as an gceantar cheana.
Toisc nach raibh an bolcán nua faoi oighearshruth, ní raibh baol ann go nginfidh Sundhnúkur scamall mór luatha.