Comhdhúil cheimiceach From Wikipedia, the free encyclopedia
Salann bog, buíbhán, uisce-dothuaslagtha is ea bróimíd airgid (AgBr) a bhfuil cáil uirthi (maille le hailídí airgid eile) as a híogaireacht neamhghnách i leith an tsolais. Lig an t-airí seo do na hailídí airgid bheith ina mbunús do bhunábhair ghrianghrafadóireachta nua-aimseartha.[1]
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 185.823 Da |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | AgBr |
SMILES canónta | Model 2D Br[Ag] |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Pointe leáite | 432 °C |
Fiuchphointe | 1,502 °C (a 101.325 kPa) |
Baintear úsáid as AgBr go forleathan i scannáin ghrianghrafadóireachta. Faightear an salann go nádúrtha mar an mhianra brómairgirít (brómairít)
Imoibríonn bróimíd airgid go héasca le leacht amóinia chun coimpléasca éagsiúl d'áimín a ghiniúint :[2]
AgBr + nNH3 →Ag(NH3)21+
Imoibríonn bróimíd airgid le trífheinilfoisfín chun tris(trífheinilfoisfín) a tháirgeadh:[3]
Tá struchtúr laitíse aghaidhlárnach ciúbach (alc) cloch shalainn (NaCl) ag AgF, AgCl, agus AgBr, leis an méid seo a leanas paraiméadair laitíse :[4]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.