Is cathair i Stáit Aontaithe Mheiriceá í Bostún (Béarla: Boston). Is í príomhchathair Stát Massachusetts í agus is í an chathair is mó sa stát í freisin; is í freisin príomhchathair neamhoifigiúil an réigiúin Sasana Nua í.
Tá Bostún ar cheann de na cathracha is sine agus is saibhre sa tír. Chomh maith leis sin, is áit thábhachtach í freisin i gcúrsaí cultúrtha agus staire. Bhí Bostún i lár an aonaigh ó thaobh chuid mhaith de na móreachtraí i gCogadh Réabhlóideach Mheiriceá - an Sléacht i mBostún, Cóisir Tae Bhostúin, Cath Bunker Hill agus Léigear Bhostúin.
Tá an chathair suite i lár an réigiúin Mórcheantar Bhostúin (Greater Boston), i measc na gcathracha eile Cambridge, Brookline, Quincy agus Newton. I mBéarla, tugtar an t-ainm Bostonians ar na daoine atá ina gcónaí san áit seo.
Is síol faoi thíreolaíocht Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.