Earrach na bPobal
sraith corraíl pholaitiúil ar fud na hEorpa in 1848 -49 / From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa stair, tugtar Earrach na bPobal (ar a dtugtar freisin an t-ainm Earrach na Náisiún nó Bliain na Réabhlóidí, i roinnt tíortha) ar an dtréimhse 1848/49, mar go raibh ceannaircí agus réabhlóidí fairsing ann a d'fhág Iarthar na hEorpa beagnach uilig ina chíor tuathail.
Cineál | revolutionary wave (en) |
---|---|
Dáta na bliana | 1848 |
Ba é an chéad (agus an t-aonú) uair ar thit údarás traidisiúnta fud fad na hEorpa, ach bhí laistigh de bhliain amháin bhain fórsaí frithghníomhacha an bua amach agus theip ar na réabhlóidí. Thosaigh tonn seo na réabhlóide sa Fhrainc i mí Feabhra; bhuail an tonn an chuid is mó den Eoraip agus páirteanna den Mheiriceá Laidineach taobh istigh de chúpla mí. A ch ní raibh aon comhordú nó comhoibriú i measc na réabhlóidithe sna tíortha éagsúla. Bhí cúig toisc bainteach léi: míshástacht fhorleathan an phobail leis an cheannaireacht pholaitiúil; éileamh ar rannpháirtíocht agus daonlathas; éilimh an lucht oibre; borradh an náisiúnachais; agus ar deireadh, athghrúpáil na bhfórsaí frithghníomhaca na ríogaí, na n-uasaicmí, an airm, agus na dtuathánach. Bhí comhghuaillíochtaí éagobhsaí 'ad hoc' i gceannas ar na ceannaircigh; leasaitheoirí, meánaicmí agus oibrithe, nach bhféadfaí fanacht le chéile ach ar feadh seal.
Maraíodh na mílte daoine agus bhí d'iachall ar go leor eile dul ar deoraíocht. An rud is suntaisí a d'éirigh as ná gur cuireadh deireadh leis an seirfeachas san Ostair agus san Ungáir. Tharla na réabhlóidí is tábhachtaí sa Fhrainc, san Ghearmáin, san Iodáil, agus san Ostair, ach níor sé an Rúis, an Bhreatain Mhór, nó na Stát Aontaithe.