From Wikipedia, the free encyclopedia
Cathair in iarthar Dakota Thuaidh, sna Stáit Aontaithe is ea Bismarck. Tá an chathair suite ar bhruach thoir Abhainn na Missouri. Is é príomhchathair an stáit é, chomh maith le príomhchathair riaracháin Chontae Burleigh. Is é an dara cathair is mó in Dakota Thuaidh, i ndiaidh Fargo. Sa bhliain 2010, bhí 61,272 duine ina gcónaí sa chathair féin agus 129,517 sa cheanta uirbeach ar fad.
Bismarck, Dakota Thuaidh | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Otto von Bismarck | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stát sna Stáit Aontaithe | Dakota Thuaidh | ||||
County of North Dakota (en) | Contae Burleigh | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 73,622 (2020) | ||||
• Dlús | 842.53 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 31,739 (2020) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Located in statistical territorial entity (en) | Bismarck metropolitan area (en) | ||||
Achar dromchla | 87.381746 km² | ||||
• Uisce | 1.2257 % | ||||
Airde | 514 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1872 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Bismarck, Dakota Thuaidh | Mike Schmitz (2022–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 58501–58507 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 701 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | bismarcknd.gov |
Bunaíodh an chathair sa bhliain 1872 faoin ainm Missouri Crossing, ainm a tugadh uirthi mar chuaigh Merriwether Lewis agus William Clark trasna na Missouri san áit sa bhliain 1805. Sa bhliain 1873 hathraíodh an t-ainm go Bismarck, in onóir Otto von Bismarck, seansailéir na Gearmáine, rud a rinneadh ag súil go dtarraingeofaí lonnaitheoirí ón tír úd chuig an áit. D'éirigh leo. An bhliain ina dhiaidh sin, fuarthas ór sa cheantar, agus tháinig borradh faoin daonra mar gheall air sin leis.
Sa bhliain 2010 ba de shliocht Gearmánach iad 57.9% de dhaonra na cathrach. Ba de shliocht Ioruach 18.2% de na daoine sa chathair, 7.7% de shliocht Rúiseach agus 7.2% de shliocht Éireannach. Is den chine geal iad 92.4% de lucht na cathrach, céatadán an-ard sna Stáit Aontaithe. Is iad Bundúchasaigh Mheiriceánacha an dara grúpa is mó ann—4.5% den daonra.
Is síol faoi thíreolaíocht Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.