![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/95/Billy_Connolly_Festival_Cine_Sidney.jpg/640px-Billy_Connolly_Festival_Cine_Sidney.jpg&w=640&q=50)
Billy Connolly
Fuirseoir Albanach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is aisteoir, fuirseoir agus ceoltóir é William "Billy" Connolly, a rugadh ar 24 Samhain 1942 in Anderston, Glaschú, in Albain. Tá aithne air chomh maith mar The Big Yin (an Fear Mór): tá Connolly sé throigh (nó 1.83 méadar) ar airde.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) William Connolly 24 Samhain 1942 81 bliana d'aois Glaschú, Scotland ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Náisiúntacht | Albanach |
Reiligiún | An tAindiachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | St. Gerard's RC Secondary (en) ![]() St Peter's Boys School, Stewartville St, Glasgow (en) ![]() ![]() |
Áit chónaithe | Windsor Florida |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir, aisteoir stáitse, amhránaí, cumadóir, giotáraí, scríbhneoir scripte, fuirseoir ar a boinn, aisteoir scannáin, fuirseoir, bainseóí, aisteoir teilifíse ![]() |
Tréimhse oibre | 1965 – |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Bainseó, armónach agus giotár |
Lipéad ceoil | Polydor Records ![]() |
Teaghlach | |
Céile | Iris Pressagh (1969–1985), colscaradh Pamela Stephenson (1989–) ![]() |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | billyconnolly.com ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Thosaigh sé ag obair sna seascaidí mar tháthaire (déantóir coirí i gceart), ach d'éirigh sé as agus thosaigh sé ag seinm ceoil tíre. Ba bhall é den bhanna Humblebumbs le Gerry Rafferty, agus sa bhliain 1974 fuair sé conradh ceoil le Polydor.
Sna seachtóidí chuaigh sé le fuirseoireacht, ceird a chleachtann sé fós. Ina theannta seo, déanann sé roinnt aisteoireachta, agus tá sé le feiceáil sna scannáin Open Season, Lemony Snicket's A Series of Unfortunate Events, Pocahontas, The Last Samurai agus Man Who Sued God.
Sa bhliain 1997 bhuaigh Connolly Gradam BAFTA, rud a rinne sé arís sna blianta 1998 agus 1999. Sa bhliain 1997 bhuaigh sé duais eile i gcomhair an scannáin Mrs. Brown.
Bhí sé pósta tráth le hIris Pressagh, agus tá sé pósta anois leis an síceolaí agus iar-aisteoir Pamela Stephenson. Tá cúigear páistí aige (triúr le Stephenson agus beirt le Pressagh). Is iad na trádmharcanna atá aige ná a fhéasóg agus a bhainseó. Maíonn Connolly gurb seisean an t-aon aisteoir amháin a fuair bás i scannán de chuid na Muppets.
I Mí na Nollag sa bhliain 2003 bronnadh CBE air.