Cathair in iarthar-lár California is ea Berkeley. Tá sé suite ar bhruach thoir Bhá San Francisco i dtuaisceart Chontae Alameda. Tá sé ainmnithe i ndiaidh George Berkeley, easpag agus fealsamh Éireannach ón 18ú haois. Tá sé ag críochantaíocht le Oakland agus Emeryville ó dheas agus le Albany agus le Kensington ó thuaidh. Ar an taobh thoir, tá Berkeley ag críochantaíocht le Contae Contra Costa, teorainn a leanann barr dhroim Chnoic Berkeley a bheagán nó a mhórán. Sa bhliain 2010 fuarthas 112,580 duine ina gcónaí in Berkeley.
Fíricí Gasta Ainmnithe in ómós, Suíomh ...
Dún
Tá an campas is sine i gcóras Ollscoil California (.i. Ollscoil California, Berkeley, suite in Berkeley, agus tá Saotharlann Náisiúnta Lawrence Berkeley sa chathair freisin. Tá an Graduate Theological Union, atá ar cheann de na hinsitiúidí léinn reiligiúnda is mó ar domhan, in Berkeley chomh maith. Tá an clú ar an gcathair go bhfuil an liobrálachas sóisialta in ardréim inti.