Beart (ríomhaireacht)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an beart (byte i mBéarla) an buntomhas spáis i gcúrsaí ríomhaireachta (scaití baintear úsáid as an téarma ochtréad (octet i mBéarla)).
Fíricí Gasta Cineál, Aonad de ...
Cineál | unit of information (en) ![]() ![]() |
---|---|
Aonad de | information (en) ![]() ![]() |
Tiontuithe aonad | |
In aonaid caighdeánacha | 1 B 8 bit ![]() |
Dún
Tá ocht ngiotán sa bheart, agus is féidir 256 luach éagsúil a stóráil in aon bheart amháin (1B). D'fhéadfaí carachtar singil a stóráil i mbeart amháin faoin gcóras carachtar ASCII. Úsáidtear dhá bheart le carachtair a stóráil de réir chóras Unicode (atá tagtha i gcomharbacht, nach mór, ar ASCII). Is féidir 65,536 luach éagsúil a stóráil in dhá bheart. Ciallaíonn sé seo gur féidir carachtair aibítrí uile an domhain a stóráil trí chóras Unicode.