From Wikipedia, the free encyclopedia
Bearnaíodh an damba Kakhovka ar abhainn na Dnípire i ndeisceart na hÚcráine ar an 6 Meitheamh 2023.[1][2] Polladh an damba le tréanphléascán taobh le cathair Nova Kakhovka, ar bhruach thoir na Dnípire. Fágadh craosbhearna sa damba de bharr na bpléascanna.
| |||||
Cineál | dam failure (en) tuile oibríocht mhíleata ecocide (en) | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | Dnieper campaign (en) , war crimes in the Russian invasion of Ukraine (en) agus 2023 floods in Europe (en) | ||||
Dáta na bliana | 6 Meitheamh 2023 (02:50. Europe/Kyiv (en) , UTC+03:00) | ||||
Suíomh | Kakhovka Dam, An Úcráin (en) Cúige Kherson, An Úcráin , Nova Kakhovka urban hromada, An Úcráin (en) | ||||
Tír | an Úcráin | ||||
Sprioc | Kakhovka Hydroelectric Power Plant (en) | ||||
Cúis | dam failure (en) | ||||
Líon básanna | 76 (7 Iúil 2023) | ||||
Líon gortaithe | 143 (21 Meitheamh 2023) | ||||
Meán cumarsáide | |||||
Croineolaíocht | |||||
Deireadh Fómhair 2022 | Minelaying (en) | ||||
6 Meitheamh 2023 | Dam failure (en) | ||||
Scriosadh stáisiún hidrileictreach agus bhí réimse mór tíre sa réigiún báite ag an maidhm mhór uisce, an tubaiste timpeallachta ‘is measa ó Chernobyl’.[3] Scuab an sruth chun siúil gach a raibh ina bhealach, truailleáin go leor i measc rudaí eile.
Bhí an bhruach agus an damba ina seilbh ag fórsaí Rúiseacha ag an am nuair a réab pléascanna ollmhóra trí dhamba mór hidrileictreach Nova Kakhovka.
Bhí neart údramála ann roimh an eachtra faoi fhrithionsaí a bheith á bheartú ag na hÚcránaigh agus sceitheadh an t-uisce leis an siúl a bhaint díobh. Réamhbhuille cosanta de chuid na Rúiseach bhí ann is cosúil.
Ba chuid de stáisiún hidrileictreach é an damba a bhí 30 méadar ar airde agus 3.2 ciliméadar ar a fhad. Ní raibh sé ró-éasca mar sin an damba a pholladh agus nach bhféadfaí é a scrios le hionsaí sliogán.[5]
Dúirt na húdaráis san Úcráin go raibh limistéar 600 ciliméadar cearnach faoi uisce. Dhá lá níos déanaí, 5.6 méadar ba ea meándoimhneacht an uisce sa limistéar trí chéile, Ba mheasa an scéal ar an taobh thiar den Dnípir a bhí ina seilbh ag fórsaí Úcránacha ná ar an taobh thoir a bhí ina seilbh ag na Rúisigh. Dúirt na hÚcránaigh go raibh 68% den talamh ar a dtaobh siúd den abhainn báite le hais 32% ar thaobh na Rúiseach.[6]
Bhí na deicheanna míle sa réigiún fágtha gan riar a riachtanais, bídís sa cheantar a bhfuil smacht ag na Rúisigh air, nó sa cheantar atá ina seilbh ag fórsaí na hÚcráine. Bhí ganntanas fíoruisce agus bia sna háiteanna sin, gan trácht ar sholáthairtí leighis. Dúirt na Náisiúin Aontaithe nach raibh aon fhíoruisce le n-ól sa cheantar níos mór, go raibh na soláthairtí bia millte, agus go raibh an beostoc caillte.
I gcathair Kherson, suite 60 ciliméadar síos an abhainn ón damba, bhí saoránaigh ag maoscal tríd an uisce a bhí chomh hard lena nglúine – agus níos airde fós in áiteanna – agus iad ag féachaint lena n-iarmhais a shábháil. Cuirtear uisce ó thaiscumar an damba ar fáil don Chrimé atá ina seilbh ag na Rúisigh ó rinne siad ionradh ar an réigiún sin in 2014.[3]
Cuirtear uisce ón taiscumar freisin chuig stáisiún núicléach Zaporizhzhia lena fhuarú, stáisiún a bhí ina seilbh ag na Rúisigh ag an am, ach a bhí ag druidim.nuair a tharla an sabaitéireacht.
Mairfidh an tubaiste a lorg go ceann i bhfad.[7] Bhí an Mhuir Dhubh truaillithe go dona, in aice leis an Rómáin fiú. Dúirt na Náisiún Aontaithe go mbeadh impleachtaí “tromchúiseacha forleathana” ag scrios an damba do dhaoine ar cheachtar taobh den líne thosaigh.[5]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.