From Wikipedia, the free encyclopedia
Ionstraim fisice a úsáidtear sa mheitéareolaíocht chun brú an atmaisféir a thomhas. Cheap Evangelista Torricelli an chéad cheann. Thosaigh sé le feadán, ceann amháin de dunta, agus é lán le mearcair. Agus an feadán go ceartingearach, thum sé an ceann oscailte in umar mearcair, shil cuid den mhearcair amach san umar, ag fágaint folús sa cheann iata den fheadán (tugadh folús Torricelli air seo). D'fhan cuid mhaith mearcair ag seasamh sa bhfeadán os cionn dromchla an mhearcair san umar. Is é tomhas an airde seo ar bhrú an atmaisféir atá ag gníomhú ar dhromchla an mhearcair san umar. Baraiméadar simplí mearcair is ea é seo. Modh eile chun brú an atmaisféir a thomhas is ea an baraiméadar anaróideach, bosca miotail le taobhanna solúbtha a bhfuil folús ann. Feidhmíonn an bosca mar bholg, ag leathnú is ag crapadh de réir mar a laghdaíonn is a mhéadaíonn an brú air. Is féidir gluaiseacht thiús an bhosca a athrú le giaranna beaga ina ghluaiseacht uilleach snáthaide, agus díláithriú uilleach na snáthaide mar thomhas ar bhrú an atmaisféir. Má choinnítear taifead ar an mbrú le himeacht ama, faightear baragraf.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.