From Wikipedia, the free encyclopedia
Bac fisiciúil a chruthaíonn an timpeallacht is fearr i gcomhair aibiú na ngaiméití ina speirmeatasóin. Cuimsíonn sé cealla Sertoli i bhfidíní seamhanmhara na n-uiríocha is na comhchumair neamhintreáiteacha eatarthu. Nuair a bhíonn inniúlacht imdhíonach bainte amach sna húiríocha, cuireann sé bac ar ábhar antaigineach a ligean ar ais san imshruthú fola le hidirghníomhú le córas imdhíonach na colainne féin, a aithneoidh mar choimhthíoch iad is a chruthóidh antasubstaintí a dhéanfaidh dochar do na húiríocha. Má tharlaíonn damáiste don bhac seo (mar thoradh ar leicneach i bhfear fásta, mar shampla) is féidir go dtarlóidh an ligean is an ghiniúint antasubstaintí seo, agus mar thoradh, athlasadh imdhíonach na n-uiríocha, milleadh na ngaiméití, agus aimride.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.