From Wikipedia, the free encyclopedia
Is dúil cheimiceach shaorga é an bóiriam agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Bh. Níl uimhir adamhach i gciall cheart an fhocail ag an mbóiriam, ach is í maisuimhir an iseatóip is troime atá aige, mar atá, 107, a dhéanann gnó na huimhreach adamhaí. Tá Bh-107 aon soicind amháin thar an trí scór ar leathré.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha |
---|---|
Bóiriam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Bh agus Uns |
Uimhir adamhach | 107 |
Cumraíocht leictreon | [Rn] 5f¹⁴ 6d⁵ 7s² |
Peiriad, Grúpa | peiread 7 grúpa 7 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Stair | |
Aimsitheoir | Yuri Oganessian |
Fionnachtain | 1976 |
Eapainm | Niels Bohr |
Is é an bóiriam an bhall is troime de sheachtú grúpa an tábla pheiriadaigh (grúpa a 7, nó VIIB). Cé gur dúil an-éagobhsaí é an bóiriam, d'éirigh leis na heolaithe a léiriú go turgnamhach go bhfuil iompraíocht cheimiceach an bhóiriam sách cosúil le dúile eile an ghrúpa, an réiniam ach go háirithe. Glactar leis go bhfuil an staid ocsaídiúcháin úd +7 níos cobhsaí ag an mbóiriam ná ag an réiniam féin.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.