Ardchros agus Séadchomhartha Náisiúnta suite i gContae Bhaile Átha Cliath is ea Ardchros Chill Ghobáin.
Ardchros Chill Ghobáin | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Ardchros | |||
| ||||
Tá Crois Chill Ghobáin suite ar Lána Chill Ghobáin, Cois na Céime, timpeall 450m (490 slat) siar ó thuaidh ó lár bhaile An Chéim.
Tagann ainm Chill Ghobáin[1] ó Naomh Gobán, a bhfuil an chuma air go raibh go leor díobh in Éirinn (tá mearbhall ar na cuntais naomhsheanchais). Creidtear gur tógadh an chros sa 10ú haois AD mar gheall ar an bpictiúr d'Íosa agus clóca fada air. Rinneadh adhlacadh ar an chros sa reilig agus thángthas uirthi c. 1800.[2]
Tá an chros déanta as eibhear agus seasann sé 2.4m (7.9tr) in airde. Is cros Cheilteach í agus tá taobh amháin briste. Léiríonn an aghaidh thoir Céasadh Íosa, agus Íosa ag caitheamh róba fada. Go neamhghnách, tá bullán suite i mbonn na croise.[3]
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.