Maidir leis an gcuid is mó de na cainníochtaí eolaíocha (mais, teocht, tiúchan, sruth leictreach is eile) tomhaistear is ionramháiltear iad in aonaid an SI, Córas Idirnáisiúnta na nAonad (Système International d'Unités) a thug an Chomhdháil Ghinearálta um Mheáchan is Tomhais isteach i 1960. Tá 7 mbunaonad ann: an méadar (m), an cileagram (kg), an soicind (s), an t-aimpéar (A), an ceilvin (K), agus an mól (mol). Is féidir gach cainníocht ábhartha eile a chur i dtéarmaí na mbunaonad seo. Tarlaíonn teaglamaí áirithe go minic, tugtar ainmneacha orthu, agus is aonaid dhíorthaithe iad seo. Mar shampla is é an niútan aonad an fhórsa, agus sainmhínítear é mar seo: m kg s-2. Ó 1995 i leith glactar leis an raidian is an stearaidian mar aonaid dhíorthaithe. Tá an-chuid aonad eile ann agus, ar chúis stairiúil nó eile, tá sé áisiúil feidhm a bhaint astu: baintear feidhm as an gcalra chun toilleadh fuinnimh i mbianna a thomhas, agus an parsoic chun faid a thomhas sa réalteolaíocht. Tá córais eile aonad ann freisin: seanchóras FPS na Breataine (troigh, punt, soicind), córas CGS (ceintiméadar, gram, soicind), agus córas MKSA (méadar, cileagram, soicind, aimpéar), réamhullmhúchán do chóras an SI.[1]
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.